Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 31:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

2. “Déan clann Iosrael a dhíolt ar na Midiánaigh. Ansin cruinneofar chun do mhuintire thú.”

3. Dúirt Maois leis an bpobal: “Gabhadh cuid agaibh airm chugaibh, d'fhonn cogadh a chur ar an Midiánach agus díoltas an Tiarna a imirt ar an Midiánach.

4. Seolaigí míle fear as gach treibh d'Iosrael chun an chatha.”

5. Ar an gcuma sin fuarthas, ó shluaite Iosrael, dhá mhíle dhéag fear le harm troda, míle ó gach treibh.

6. Sheol Maois chun cogaidh iad míle as gach treibh agus Píneachás mac Eileázár an sagart leo ag iompar na soithí naofa agus na dtrumpaí chun an gháir a thógáil.

7. D'fhearadar cogadh ar Mhidián mar a d'ordaigh an Tiarna agus chuireadar gach mac máthar chun báis.

8. Mharaíodar chomh maith, de bharr ar an ár, rithe Mhidián - Eiví, Reicim, Zúr, Húr agus Reaba, cúig rí Mhidián. D'imríodar bás de rinn claímh leis ar Bhalám mac Bheór.

9. Ghabh clann Iosrael mná agus miondaoine Mhidián ina gcimí, agus rugadar leo mar chreach a dtáinte, a dtréada agus a maoin go léir.

10. Chuireadar tine leis na cathracha go léir inar chónaíodar, agus lena n‑áitribh go léir.

11. Rugadar leo a gcreach go léir, a raibh gafa acu idir dhuine agus bheithíoch,

12. agus thugadar idir chimí agus bhraid agus chreach, go Maois agus go Eileázár an sagart agus go comhthionól chlann Iosrael go léir sa champa ar mhachairí Mhóáb láimh leis an Iordáin, sall ó Ireachó.

13. Chuaigh Maois agus Eileázár an sagart, agus ceannairí uile an chomhthionóil amach lasmuigh den champa ina gcoinne.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 31