Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 30:6-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Má phósann sí agus í faoi cheangal móide nó focail éaganta gill a thug sí,

7. agus má chluineann a fear ina thaobh gan aon ní a rá léi an lá a chluineann, ansin bíodh a móideanna bailí agus bíodh na geallta a thug sí bailí.

8. Ach an lá a chluineann an fear é, má chuireann sé ina choinne os ard, ansin cuirfidh sé an mhóid a thug sí, nó an focal éaganta gill lenar cheangail sí í féin, ar ceal. Maithfidh an Tiarna di é.

9. Ach móid baintrí, nó mná scartha, nó aon gheall a thug sí, tá siad bailí.

10. Má thug sí móid i dteach a fir, nó má thug sí geall faoi bhrí na mionn,

11. agus gur chuala a fear faoi, gan aon ní a rá léi, agus gan cur ina choinne, ansin bíodh a móideanna go léir bailí is bíodh gach geall lenar cheangail sí í féin bailí.

12. Ach má chuireann a fear ar ceal iad an lá a chluineann sé iad, ní bheidh brí ag focal a béil, móid ná geall. Ó chuir a fear ar ceal iad, maithfidh an Tiarna di iad.

13. Aon mhóid nó mionn a luíonn ar bhean, is féidir dá fear é a dhaingniú nó é a chealú.

14. Ach mura mbíonn rud éigin ráite aige faoi cheann lae, ciallaíonn seo go bhfuil a móid, cibé sórt í, nó a geall, cibé sórt é, á dhaingniú aige. Tugann sé bailíocht dóibh mura ndeir sé rud éigin an lá a chuala sé fúthu.

15. Ach más níos sia ná sin tar éis iad a chlos a chuireann sé ar ceal iad, ansin bíodh ualach pheaca a mhná air.”

16. Sin iad na reachtanna a d'aithin an Tiarna do Mhaois i dtaobh mar atá idir fear agus a bhean, agus idir athair agus a iníon fad tá sí óg agus ag maireachtáil faoi dhíon a hathar.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 30