Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 30:2-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Nuair a thugann duine móid, nó nuair a thugann sé geall faoi bhrí na mionn, ná briseadh sé a fhocal; cibé rud a gheall sé le focal béil, comhlíonadh sé é.

3. Má thugann bean móid don Tiarna, nó má thugann sí a briathar gill ina hóige agus í fós i dteach a hathar,

4. agus má chluineann seisean i dtaobh na móide nó an ghill lenar cheangail sí í féin, gan aon ní a rá léi, ansin bíodh an mhóid a thug sí, cibé sórt í, bailí agus bíodh an geall a thug sí, cibé sórt é, bailí.

5. Ach má chuireann a hathair ina coinne an lá a chluineann sé ina taobh, ní bheidh aon mhóid a thug sí bailí, ná aon gheall lenar cheangail sí í féin. Maithfidh an Tiarna di mar gur chuir a hathair ina coinne.

6. Má phósann sí agus í faoi cheangal móide nó focail éaganta gill a thug sí,

7. agus má chluineann a fear ina thaobh gan aon ní a rá léi an lá a chluineann, ansin bíodh a móideanna bailí agus bíodh na geallta a thug sí bailí.

8. Ach an lá a chluineann an fear é, má chuireann sé ina choinne os ard, ansin cuirfidh sé an mhóid a thug sí, nó an focal éaganta gill lenar cheangail sí í féin, ar ceal. Maithfidh an Tiarna di é.

9. Ach móid baintrí, nó mná scartha, nó aon gheall a thug sí, tá siad bailí.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 30