Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 29:6-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Ní foláir an méid sin go léir a dhéanamh de bhreis ar íobairt uileloiscthe na ré nua agus a habhlann, an íobairt uileloiscthe shíoraí agus a habhlann, agus na híobairtí dí a ghabhann leo de réir dlí - cumhracht thaitneamhach, ofráil dhóite don Tiarna.

7. Ar an deichiú lá den seachtú mí seo, bíodh tionól sollúnta agaibh; déanaigí troscadh agus ná déanaigí aon obair throm.

8. Ní foláir daoibh a ofráil mar íobairt uileloiscthe don Tiarna, mar chumhracht thaitneamhach: tarbh óg, reithe, seacht dtogha uain bhliana fhireanna gan mháchail.

9. Leo mar abhlann de phlúr mín measctha le hola, bíodh trí dheachú éafá don tarbh, dhá dheachú don reithe,

10. agus deachú an ceann do na seacht n‑uain.

11. Ní foláir pocán gabhair a ofráil don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt pheaca d'fhéile an leorghnímh, agus ar an íobairt uileloiscthe lena n‑abhlann agus lena n‑íobairtí dí.

12. Ar an gcúigiú lá déag den seachtú mí bíodh tionól sollúnta agaibh; ná déanaigí obair throm agus ceiliúraigí féile don Tiarna ar feadh seacht lá.

13. Ní foláir daoibh a ofráil mar íobairt uileloiscthe, ofráil dhóite, agus mar chumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: trí tharbh déag óga, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail.

14. Mar abhlann de phlúr mín measctha le hola ag gabháil leo, bíodh trí dheachú d'éafá an ceann don trí tharbh déag, dhá dheachú an ceann don dá reithe,

15. agus deachú an ceann don cheithre uan déag.

16. Bíodh pocán gabhair chomh maith mar íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.

17. Ar an dara lá: dhá tharbh déag óga, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail;

18. na habhlanna agus na híobairtí dí a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n‑uan.

19. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.

20. Ar an tríú lá: aon tarbh déag óg, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail;

21. na habhlanna agus na híobairtí dí a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n‑uan.

22. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.

23. Ar an gceathrú lá: deich dtarbh, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail;

24. na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n‑uan.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 29