Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 29:28-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

28. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo go léir le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.

29. Ar an séú lá: ocht dtarbh, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail;

30. na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n‑uan.

31. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo go léir le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.

32. Ar an seachtú lá: seacht dtarbh, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana, gan mháchail;

33. na habhlanna agus na híobairtí dí a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí, agus na n‑uan.

34. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo go léir le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.

35. Ar an ochtú lá bíodh tionól sollúnta agaibh; ná déanaigí aon obair throm,

36. ach ofrálaigí íobairt uileloiscthe, íobairt dhóite, cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: tarbh, reithe, seacht n‑uan fireann bliana gan mháchail;

37. na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí, agus na n‑uan.

38. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo go léir le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.

39. Sin a bhfuil le déanamh agaibh don Tiarna ar bhur bhféilte sollúnta; de bhreis ar bhur n‑ofrálacha móide agus deona, bhur n‑íobairtí uileloiscthe, bhur n‑abhlanna agus bhur n‑íobairtí dí agus bhur n‑íobairtí comaoineach.”

40. D'inis Maois do chlann Iosrael go beacht gach ar ordaigh an Tiarna dó.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 29