Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 29:21-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. na habhlanna agus na híobairtí dí a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n‑uan.

22. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.

23. Ar an gceathrú lá: deich dtarbh, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail;

24. na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n‑uan.

25. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.

26. Ar an gcúigiú lá: naoi dtarbh, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail;

27. na habhlanna agus na híobairtí dí a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n‑uan.

28. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo go léir le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.

29. Ar an séú lá: ocht dtarbh, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail;

30. na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n‑uan.

31. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo go léir le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.

32. Ar an seachtú lá: seacht dtarbh, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana, gan mháchail;

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 29