Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 29:12-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Ar an gcúigiú lá déag den seachtú mí bíodh tionól sollúnta agaibh; ná déanaigí obair throm agus ceiliúraigí féile don Tiarna ar feadh seacht lá.

13. Ní foláir daoibh a ofráil mar íobairt uileloiscthe, ofráil dhóite, agus mar chumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: trí tharbh déag óga, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail.

14. Mar abhlann de phlúr mín measctha le hola ag gabháil leo, bíodh trí dheachú d'éafá an ceann don trí tharbh déag, dhá dheachú an ceann don dá reithe,

15. agus deachú an ceann don cheithre uan déag.

16. Bíodh pocán gabhair chomh maith mar íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.

17. Ar an dara lá: dhá tharbh déag óga, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail;

18. na habhlanna agus na híobairtí dí a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n‑uan.

19. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.

20. Ar an tríú lá: aon tarbh déag óg, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail;

21. na habhlanna agus na híobairtí dí a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n‑uan.

22. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.

23. Ar an gceathrú lá: deich dtarbh, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail;

24. na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n‑uan.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 29