Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 27:7-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. “Tá an ceart ag iníonacha Zalofachád; tabhair seilbh dóibh ar oidhreacht i measc bhráithre gaoil a n‑athar, agus fág oidhreacht a n‑athar fúthu.

8. Agus abair le clann Iosrael: ‘Má fhaigheann duine bás gan mhac, ansin téadh a oidhreacht chun a iníne.

9. Mura mbíonn iníon aige, téadh a oidhreacht chun a dheartháireacha.

10. Mura mbíonn deartháireacha aige, téadh a oidhreacht chun deartháireacha a athar.

11. Mura mbíonn deartháireacha ag a athair, téadh a oidhreacht chun an té is goire gaol dó ar a fhine; bíodh sí aige. Bíodh sin mar reacht agus mar dhlí ag clann Iosrael, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.’ ”

12. Dúirt an Tiarna le Maois: “Suas leat faoin sliabh seo Abáraím agus féach uait ar an bhfearann atá tugtha agam do chlann Iosrael.

13. Nuair a bheidh lán do shúl faighte agat de, cruinneofar thú chun do mhuintire, dála Árón do dheartháir.

14. Óir nuair a bhí an pobal ag monabhar i m'aghaidh, rinne sibh araon ceannairc i bhfásach Zin in aghaidh m'ordú daoibh mo naofacht a fhoilsiú os comhair a súl de bhíthin an uisce.” (Uisce Mhiríbeá Cháidéis i bhfásach Zin atá i gceist.)

15. Dúirt Maois leis an Tiarna:

16. “Go gcuire an Tiarna, Dia na spiorad, a chuireann anam san uile dhúil bheo, fear i gceannas an chomhthionóil,

17. fear a rachaidh rompu ag dul amach dóibh agus ag teacht isteach, fear a sheolfaidh amach iad agus a sheolfaidh isteach iad, i dtreo nach mbeadh comhthionól an Tiarna mar chaoirigh gan aoire.”

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 27