11. Mura mbíonn deartháireacha ag a athair, téadh a oidhreacht chun an té is goire gaol dó ar a fhine; bíodh sí aige. Bíodh sin mar reacht agus mar dhlí ag clann Iosrael, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.’ ”
12. Dúirt an Tiarna le Maois: “Suas leat faoin sliabh seo Abáraím agus féach uait ar an bhfearann atá tugtha agam do chlann Iosrael.
13. Nuair a bheidh lán do shúl faighte agat de, cruinneofar thú chun do mhuintire, dála Árón do dheartháir.
14. Óir nuair a bhí an pobal ag monabhar i m'aghaidh, rinne sibh araon ceannairc i bhfásach Zin in aghaidh m'ordú daoibh mo naofacht a fhoilsiú os comhair a súl de bhíthin an uisce.” (Uisce Mhiríbeá Cháidéis i bhfásach Zin atá i gceist.)
15. Dúirt Maois leis an Tiarna:
16. “Go gcuire an Tiarna, Dia na spiorad, a chuireann anam san uile dhúil bheo, fear i gceannas an chomhthionóil,
17. fear a rachaidh rompu ag dul amach dóibh agus ag teacht isteach, fear a sheolfaidh amach iad agus a sheolfaidh isteach iad, i dtreo nach mbeadh comhthionól an Tiarna mar chaoirigh gan aoire.”
18. Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Tóg Iósua mac Nún, fear ina lonnaíonn an spiorad, agus leag do lámha air;
19. ansin beir leat é i láthair Eileázár, an sagart, agus i láthair an chomhthionóil go léir, agus tabhair d'orduithe dó ina láthair.
20. Roinn cuid de d'údarás leis d'fhonn go ngéillfeadh comhthionól uile chlann Iosrael dó.