1. Tháinig chun tosaigh iníonacha Zalofachád mac Héifir, mac Ghileád, mac Mháicír, mac Mhanaise; bhain sé le sleachta Mhanaise, mac Iósaef. Ba iad seo ainmneacha a iníonacha: Machlá agus Noá, agus Hoglá agus Milceá agus Tirzeá.
2. Sheasadar i láthair Mhaois agus Eileázár an sagart, agus i láthair na gceannairí agus an chomhthionóil ag doras Bhoth na Teagmhála, agus dúirt:
3. “Fuair ár n‑athairne bás san fhásach; níor bhain sé leis an dream a bhí i gcogar ceilge in aghaidh an Tiarna, complacht Chorach; fuair sé bás de bharr a pheaca féin gan clann mhac air.
4. Cén fáth go gcaillfí ainm ár n‑athar ar a fhine? Ó bhí sé gan mhac, tabhair sealúchas éigin dúinne i measc a bhráithre gaoil.”
5. Chuir Maois a gcúis i láthair an Tiarna.
6. Dúirt an Tiarna le Maois:
7. “Tá an ceart ag iníonacha Zalofachád; tabhair seilbh dóibh ar oidhreacht i measc bhráithre gaoil a n‑athar, agus fág oidhreacht a n‑athar fúthu.
8. Agus abair le clann Iosrael: ‘Má fhaigheann duine bás gan mhac, ansin téadh a oidhreacht chun a iníne.
9. Mura mbíonn iníon aige, téadh a oidhreacht chun a dheartháireacha.
10. Mura mbíonn deartháireacha aige, téadh a oidhreacht chun deartháireacha a athar.
11. Mura mbíonn deartháireacha ag a athair, téadh a oidhreacht chun an té is goire gaol dó ar a fhine; bíodh sí aige. Bíodh sin mar reacht agus mar dhlí ag clann Iosrael, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.’ ”
12. Dúirt an Tiarna le Maois: “Suas leat faoin sliabh seo Abáraím agus féach uait ar an bhfearann atá tugtha agam do chlann Iosrael.
13. Nuair a bheidh lán do shúl faighte agat de, cruinneofar thú chun do mhuintire, dála Árón do dheartháir.