8. Tugann Dia as an Éigipt amach é;is cuma dó é nó adharca cama dhamh díleann.Alpann sé conablach a naimhde,agus déanann sé mionramh dá gcnámhaagus tollann iad lena shaigheada.
9. Chúb sé chuige, agus luigh,mar leon, mar bhanleon.Cé leomhfadh é chur ina shuí?Gura beannaithe lucht bhur mbeannaithe;gura mallaithe lucht bhur mallaithe.”
10. Tháinig reacht feirge ar Bhálác le Balám. Bhuail sé a bhosa ar a chéile agus dúirt le Balám: “Chuir mé fios ort chun mallacht a chur ar mo naimhde, agus seo anois beannacht curtha faoi thrí agat orthu!
11. Imigh ort abhaile. Gheall mé onóir a chaitheamh leat go cinnte, ach tá sin bainte díot ag an Tiarna.”
12. Thug Balám freagra ar Bhálác: “Ná dúirt mé leis na teachtairí a chuir tú chugam:
13. ‘Dá dtabharfadh Bálác lán a thí d'ór agus d'airgead dom, ní fhéadfainn briathar an Tiarna a shárú agus rud a dhéanamh as mo stuaim féin, cibé acu maith nó olc é; a ndeir an Tiarna, sin é a déarfaidh mé.’
14. Anois ó táim ag filleadh ar mo mhuintir féin, lig dom rabhadh a thabhairt duit faoi cad a dhéanfaidh an mhuintir seo le do mhuintirse anseo amach.”
15. Ansin chan sé a laoi, agus dúirt:“Céalmhaine Bhalám mac Bheór,céalmhaine an té ar gruama é a radharc,
16. céalmhaine an té a chluineann briathar Dé,agus ar fios dó eolas an Té is Airde.Feiceann sé a dtugann an tUilechumhachtach dó le feiceáil;faigheann sé freagra ó Dhia, agus osclaítear a shúile.
17. Feicim é - ach ní anois é;faighim radharc air - ach ní láimh liom é:Faigheann réalta ó Iacób an cheannasaíocht;Éiríonn slat ríoga as Iosrael.Bascann sé malaí Mhóábagus cloigne uile chlann na geona.
18. Cuirtear Eadóm as seilbh,agus a naimhde, Saeír, mar an gcéanna, cuirtear as seilbh iad,agus cuireann Iosrael a neart i ngníomh.
19. Ceansaíonn Iacób a naimhde,agus scriosann sé na teifigh ó Ár.”
20. Ansin d'fhéach Balám ar Amáiléic agus chan a laoi agus dúirt:“Amáiléic a bhí ar thús na gciníocha,ach dísceofar a shliocht go brách.”
21. Ansin d'fhéach sé ar na Céinigh agus chan a laoi, agus dúirt:“Ba dhaingean é do theach, a Cháin,agus do nead suite go hard sa charraig.
22. Ach is le Beór an nead,agus an fada a bheidh tú sciobtha i do chime ag Aisiúr?”