Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 24:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a chonaic Balám gur thoil leis an Tiarna beannacht a chur ar Iosrael, níor imigh sé, faoi mar a rinne roimhe sin, ar thóir tuartha, ach thug a aghaidh ar an bhfásach.

2. D'ardaigh Balám a shúile agus chonaic Iosrael suite ina gcampa, treibh ar threibh. Luigh spiorad Dé air

3. agus chan sé a laoi, agus dúirt:“Céalmhaine Bhalám mac Bheór,céalmhaine an té ar gruama é a radharc,

4. céalmhaine an té a chluineann briathar Dé.Feiceann sé a dtugann an tUilechumhachtach dó le feiceáil;faigheann sé freagra ó Dhia, agus osclaítear a shúile.

5. Nach álainn iad do bhothanna, a Iacóib!nach álainn iad d'áitribh, a Iosrael.

6. Is cuma iad nó gleannta a shíneann i gcéin,nó luibhghoirt ar insí abhann,nó crainn aló a chlannaigh an Tiarna,nó crainn chéadrais láimh leis na huiscí!

7. [Tá laoch ag eascar as a síolagus ag rialú ar chiníocha gan áireamh.]Is mó ná Agag a rí,agus uaisleofar a mhórgacht.

8. Tugann Dia as an Éigipt amach é;is cuma dó é nó adharca cama dhamh díleann.Alpann sé conablach a naimhde,agus déanann sé mionramh dá gcnámhaagus tollann iad lena shaigheada.

9. Chúb sé chuige, agus luigh,mar leon, mar bhanleon.Cé leomhfadh é chur ina shuí?Gura beannaithe lucht bhur mbeannaithe;gura mallaithe lucht bhur mallaithe.”

10. Tháinig reacht feirge ar Bhálác le Balám. Bhuail sé a bhosa ar a chéile agus dúirt le Balám: “Chuir mé fios ort chun mallacht a chur ar mo naimhde, agus seo anois beannacht curtha faoi thrí agat orthu!

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 24