33. Chonaic an t‑asal mé agus chas i leataobh mar sin uaim trí huaire. Ba mhaith an mhaise duit gur chas sé i leataobh nó bheifeá marbh agam faoin am seo, fág go scaoilfinn a anam leis.”
34. Ansin dúirt Balám le haingeal an Tiarna: “Rinne mé peaca. Ní raibh a fhios agam go raibh tú i do sheasamh sa tslí orm. Anois más ea, má tá tú i bhfearg liom, rachaidh mé ar ais.”
35. D'fhreagair aingeal an Tiarna Balám: “Téigh in éineacht leis na fir seo, ach ná habair aon ní ach mar a déarfaidh mé leat.” D'imigh Balám ar aghaidh dá bhrí sin le taoisigh Bhálác.
36. Nuair a chuala Bálác go raibh Balám tagtha, chuaigh sé amach ina choinne i dtreo Ár Mhóáb ag teorainn an Arnón, ar an imeall is sia ó bhaile den teorainn.
37. Dúirt Bálác le Balám: “Nár chuir mé teachtairí ag glaoch ort? Cén fáth nár tháinig tú chugam? An amhlaidh a mheas tú nach bhféadfainn, b'fhéidir, onóir a chaitheamh leat?”
38. D'fhreagair Balám Bálác: “Seo anseo anois agat mé! An bhfuil cead cainte ar bith agam leat anois? An focal a chuireann Dia i mo bhéal, sin é nach foláir dom a labhairt.”
39. D'imigh Balám ansin in éineacht le Bálác agus thángadar go Ciriat Huzót.
40. Mharaigh Bálác eallach agus caoirigh, agus thug sé codanna do Bhalám agus do na taoisigh a bhí in éineacht leis.
41. Lá ar na mhárach rug Bálác Balám suas go Bámót Bál agus ón áit sin bhí radharc aige ar an gcuid ba chongaraí den phobal.