Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 22:21-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. D'éirigh Balám ar maidin agus chuir an diallait ar a láir asail agus chuir chun siúil le taoisigh Mhóáb.

22. Las fearg an Tiarna de bharr a imeachta, agus sheas aingeal sa tslí air ar an mbealach á bhac. Bhí sé ar muin a asail agus a bheirt shearbhónta in éineacht leis.

23. Chonaic an t‑asal aingeal an Tiarna ina sheasamh ar an mbóthar, agus claíomh nocht ina láimh, agus d'imigh an t‑asal i leataobh ón mbóthar agus seo leis trí na bánta. Ach bhuail Balám an t‑asal á chur ar ais ar an mbóthar.

24. Ansin sheas aingeal an Tiarna ar chosán cúng idir na fíniúna, le balla ar a dheis agus balla ar a chlé.

25. Chonaic an t‑asal aingeal an Tiarna agus dhruid sé le balla agus bhrúigh sé cos Bhalám i gcoinne an bhalla agus bhuail Balám arís é.

26. Ar aghaidh le haingeal an Tiarna ansin agus sheas in áit a bhí chomh cúng nach raibh aon slí chun gabháil thart ar dheis ná ar chlé.

27. Nuair a chonaic an t‑asal aingeal an Tiarna, luigh sé síos faoi Bhalám, agus tháinig racht feirge ar Bhalám agus bhuail sé é lena bhata.

28. Ansin d'oscail an Tiarna béal an asail agus dúirt sé le Balám: “Cad tá déanta agam ort, a rá is gur bhuail tú mé trí huaire mar seo?”

29. Dúirt Balám leis an asal: “Tá tú ag déanamh ceap magaidh díom! Nár bhreá liom claíomh a bheith agam i mo ghlaic, mar go mbeifeá marbh agam faoin am seo!”

30. Dúirt an t‑asal le Balám: “Nach mise d'asal? Nach orm a rinne tú marcaíocht ó d'óige go dtí seo? I gcaitheamh an ama sin go léir ar theip mé riamh ort ag freastal ort?” “Ní dhearna tú,” ar sé.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 22