Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 22:12-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Dúirt Dia le Balám: “Ná téigh leo. Na cuir mallacht ar an muintir seo óir tá siad beannaithe.”

13. D'éirigh Balám lá arna mhárach agus dúirt leis na taoisigh a chuir Bálác chuige: “Téigí ar ais go dtí bhur dtír féin óir ní ligfeadh an Tiarna dom dul libh.”

14. D'éirigh taoisigh Mhóáb dá bhrí sin agus d'fhilleadar go Bálác agus dúradar: “Ní toil le Balám teacht linn.”

15. Sheol Bálác a thuilleadh prionsaí, níos líonmhaire agus níos céimiúla ná an chéad dream.

16. Thángadar go Balám agus dúradar leis: “Seo teachtaireacht ó Bhálác mac Zipeor: ‘Ná diúltaigh, impím ort, teacht chugam.

17. Caithfidh mé onóracha leat agus déanfaidh mé cibé rud a déarfaidh tú liom. Tar agus cuir mallacht ar an muintir seo dom.’ ”

18. Ach d'fhreagair Balám teachtaí Bhálác: “Dá dtabharfadh Bálác lán a thí d'ór agus d'airgead dom, ní fhéadfainn aithne an Tiarna mo Dhia a shárú in aon ní beag ná mór.

19. Ach fanaigí féin leis anseo thar oíche, le bhur dtoil, agus gheobhaidh mé amach cad eile atá ag an Tiarna le rá liom.”

20. Tháinig Dia go Balám i gcaitheamh na hoíche, agus dúirt leis: “Nár tháinig na fir seo ag glaoch ort? Éirigh agus téigh leo. Ach ná déan aon ní thar mar a déarfaidh mé leat.”

21. D'éirigh Balám ar maidin agus chuir an diallait ar a láir asail agus chuir chun siúil le taoisigh Mhóáb.

22. Las fearg an Tiarna de bharr a imeachta, agus sheas aingeal sa tslí air ar an mbealach á bhac. Bhí sé ar muin a asail agus a bheirt shearbhónta in éineacht leis.

23. Chonaic an t‑asal aingeal an Tiarna ina sheasamh ar an mbóthar, agus claíomh nocht ina láimh, agus d'imigh an t‑asal i leataobh ón mbóthar agus seo leis trí na bánta. Ach bhuail Balám an t‑asal á chur ar ais ar an mbóthar.

24. Ansin sheas aingeal an Tiarna ar chosán cúng idir na fíniúna, le balla ar a dheis agus balla ar a chlé.

25. Chonaic an t‑asal aingeal an Tiarna agus dhruid sé le balla agus bhrúigh sé cos Bhalám i gcoinne an bhalla agus bhuail Balám arís é.

26. Ar aghaidh le haingeal an Tiarna ansin agus sheas in áit a bhí chomh cúng nach raibh aon slí chun gabháil thart ar dheis ná ar chlé.

27. Nuair a chonaic an t‑asal aingeal an Tiarna, luigh sé síos faoi Bhalám, agus tháinig racht feirge ar Bhalám agus bhuail sé é lena bhata.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 22