Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 20:19-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Dúirt clann Iosrael leis: “An bóthar mór a gheobhfaimid; má ólaimid aon chuid de d'uisce, mise féin nó m'eallach, díolfaidh mé as. Lig dom gabháil tríd an tír de chois, sin uile.”

20. D'fhreagair Eadóm: “Ní dhéanfaidh sibh,” agus tháinig Eadóm amach ina n‑aghaidh le slua mór agus le tréan-neart.

21. Dhiúltaigh Eadóm cead slí trína chríocha d'Iosrael, ar an gcuma sin, agus chas Iosrael i leataobh uaidh.

22. Chuireadar chun bothair ó Cháidéis agus tháinig comhthionól chlann Iosrael go léir go Sliabh Hor.

23. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón ag Sliabh Hor ar theorainn chríocha Eadóm.

24. “Ní foláir,” ar sé, “Árón a chruinniú chun a mhuintire; óir níl sé le dul isteach sa tír a thug mé do chlann Iosrael, óir rinne sibh ceannairc i m'aghaidh ag uiscí Mhiríbeá.

25. Beir leat Árón agus a mhac Eileázár agus tabhair suas go Sliabh Hor iad.

26. Ansin bain a éidí d'Árón agus cuir ar a mhac Eileázár iad; cruinneofar Árón chun a mhuintire agus gheobhaidh sé bás ansiúd.”

27. Rinne Maois mar a d'ordaigh an Tiarna. Chuadar suas go Sliabh Hor i radharc an chomhthionóil uile.

28. Bhain Maois a éidí d'Árón agus chuir ar Eileázár a mhac iad. Agus fuair Árón bás ansiúd ar bharr an tsléibhe. Ansin tháinig Maois agus Eileázár anuas ón sliabh.

29. Nuair a chonaic an comhthionól go léir go raibh Árón tar éis bháis, chaoin teaghlach Iosrael Árón ar feadh deich lá fichead.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 20