Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 20:15-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. chuaigh ár sinsir síos go dtí an Éigipt agus d'fhanamar ann tamall fada. Ach thug na hÉigiptigh drochíde orainn mar a thugadar ar ár sinsir.

16. Ghlaomar chun an Tiarna; d'éist sé linn agus chuir sé aingeal chugainn chun sinn a thabhairt amach as an Éigipt. Táimid anois i gCáidéis, cathair ar imeall do chríche.

17. Lig dúinn gabháil trí do thír. Ní rachaimid trí ghort ná trí fhíonghort, ná ní ólfaimid uisce as tobar. Tabharfaimid bóthar an rí orainn féin gan casadh ar dheis ná ar chlé go dtí go mbeimid imithe thar do theorainneacha.”

18. Ach d'fhreagair Eadóm é: “Ná gabh trí mo chríochasa nó tiocfaidh mé amach chun tú a ionsaí.”

19. Dúirt clann Iosrael leis: “An bóthar mór a gheobhfaimid; má ólaimid aon chuid de d'uisce, mise féin nó m'eallach, díolfaidh mé as. Lig dom gabháil tríd an tír de chois, sin uile.”

20. D'fhreagair Eadóm: “Ní dhéanfaidh sibh,” agus tháinig Eadóm amach ina n‑aghaidh le slua mór agus le tréan-neart.

21. Dhiúltaigh Eadóm cead slí trína chríocha d'Iosrael, ar an gcuma sin, agus chas Iosrael i leataobh uaidh.

22. Chuireadar chun bothair ó Cháidéis agus tháinig comhthionól chlann Iosrael go léir go Sliabh Hor.

23. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón ag Sliabh Hor ar theorainn chríocha Eadóm.

24. “Ní foláir,” ar sé, “Árón a chruinniú chun a mhuintire; óir níl sé le dul isteach sa tír a thug mé do chlann Iosrael, óir rinne sibh ceannairc i m'aghaidh ag uiscí Mhiríbeá.

25. Beir leat Árón agus a mhac Eileázár agus tabhair suas go Sliabh Hor iad.

26. Ansin bain a éidí d'Árón agus cuir ar a mhac Eileázár iad; cruinneofar Árón chun a mhuintire agus gheobhaidh sé bás ansiúd.”

27. Rinne Maois mar a d'ordaigh an Tiarna. Chuadar suas go Sliabh Hor i radharc an chomhthionóil uile.

28. Bhain Maois a éidí d'Árón agus chuir ar Eileázár a mhac iad. Agus fuair Árón bás ansiúd ar bharr an tsléibhe. Ansin tháinig Maois agus Eileázár anuas ón sliabh.

29. Nuair a chonaic an comhthionól go léir go raibh Árón tar éis bháis, chaoin teaghlach Iosrael Árón ar feadh deich lá fichead.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 20