Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 20:1-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An chéad mhí tháinig clann Iosrael, an comhthionól go léir, isteach i bhfásach Zin. Chuir na daoine fúthu i gCáidéis. Ansiúd a fuair Miriám bás agus a adhlacadh í.

2. Ní raibh uisce ann don chomhthionól, agus chuireadar go léir le chéile in aghaidh Mhaois agus Árón.

3. Thug an pobal a ndúshlán faoi Mhaois: “Uch gan sinn a fháil bháis,” ar siad, “mar a fuair ár mbráithre bás i láthair an Tiarna!

4. Cad ab áil libh ag tabhairt comhthionól an Tiarna amach san fhásach seo, díreach d'fhonn go bhfaighimís bás anseo - sinn féin agus ár n‑eallach?

5. Cén fáth ar sheol sibh amach as an Éigipt sinn le teacht chun na háite danartha seo? Ní aon áit é d'arbhar, ná do fhigí, do fhíniúna ná do phomagránaití agus níl aon uisce le hól ann.”

6. Ansin d'imigh Maois agus Árón ón gcomhthionól agus tháinig go doras Bhoth na Teagmhála. Chaitheadar iad féin ar a mbéal agus ar a bhfiacla ar an talamh, agus thaispeáin gloir an Tiarna í féin dóibh.

7. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

8. “Tóg an tslat agus cruinnigh an pobal, tú féin agus do dheartháir Árón, agus ansin os comhair a súl, ordaígí don charraig a huisce a thabhairt uaithi. Cuirfidh tú uisce ag sní as an gcarraig dóibh agus tabharfaidh tú deoch don chomhthionól agus dá eallach.”

9. Thóg Maois an chraobh ó láthair an Tiarna mar a d'ordaigh sé dó.

10. Ansin ghair Maois agus Árón an comhthionól le chéile os comhair na carraige agus dúirt leo: “Éistigí anois a lucht na ceannairce! An dtabharfaimid uisce ina shruth as an gcarraig seo daoibh?”

11. D'ardaigh Maois a lámh agus bhuail sé an charraig faoi dhó leis an tslat, agus tháinig uisce amach ina thuile agus d'ól an comhthionól agus a n‑eallach deoch.

12. Ansin dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón: “De bhrí nár chreid sibh go bhféadfainn mé féin a naomhú os comhair súile chlann Iosrael, ní threoróidh sibh an pobal seo isteach sa tír atá á thabhairt agam dóibh.”

13. Sin iad uiscí Mhiríbeá (Conspóide) mar a raibh clann Iosrael ag conspóid leis an Tiarna agus gur thaispeáin sé gur naofa é ina measc.

14. Sheol Maois teachtairí ó Cháidéis: “Do rí Eadóm. Teachtaireacht ó do bhráthair Iosrael. Is maith is eol duit an cruatan go léir a luigh orainn;

15. chuaigh ár sinsir síos go dtí an Éigipt agus d'fhanamar ann tamall fada. Ach thug na hÉigiptigh drochíde orainn mar a thugadar ar ár sinsir.

16. Ghlaomar chun an Tiarna; d'éist sé linn agus chuir sé aingeal chugainn chun sinn a thabhairt amach as an Éigipt. Táimid anois i gCáidéis, cathair ar imeall do chríche.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 20