Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 17:3-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. agus scriobh ainm Árón ar chraobh Léiví; óir beidh craobh do cheann gach teaghlaigh athartha.

4. Ansin cuir iad i mBoth na Teagmhála, os comhair na Fianaise, mar a dteagmhaím leat.

5. An té a dtiocfaidh bláth ar a chraobh, sin é an té atá tofa agam; sin mar a chuirfidh mé deireadh leis na gearáin atá á ndéanamh ag clann Iosrael i d'aghaidh.”

6. Labhair Maois le hIosrael agus thug a gceannairí go léir craobh an duine dó, dosaon craobh ar fad thar ceann na dteaghlach athartha; bhí craobh Árón i measc na gcraobhacha.

7. Leag Maois iad i mBoth na Teagmhála i láthair an Tiarna.

8. Lá arna mhárach ghabh Maois isteach i mBoth na Fianaise agus b'shiúd í craobh Árón, thar ceann theaghlach Léiví, ag péacadh cheana féin. Bhí bachlóga curtha amach aici, agus bláthanna tagtha uirthi, agus almóinní aibí uirthi.

9. Thug Maois leis na craobhacha go léir ó láthair an Tiarna amach go clann Iosrael go léir; rinneadar iad a spiúnadh agus thóg gach duine a chraobh féin leis.

10. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Cuir craobh Árón ar ais i láthair na Fianaise mar a mbeidh sí á coimeád ina sampla do na ceannaircigh seo; cuirfidh sí deireadh go deo lena monabhar i m'aghaidh le nach bhfaighidh siad bás.”

11. Rinne Maois mar a d'ordaigh an Tiarna; mar a d'ordaigh an Tiarna is ea a rinne sé.

12. Dúirt clann Iosrael le Maois: “Tá deireadh linn! Tá an bás chugainn! Tá an bás chugainn go léir!

13. Aon duine a théann i ngar do thaibearnacal an Tiarna le hofráil, gheobhaidh sé bás. An é an bás atá i ndán dúinn go léir?”

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 17