Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 17:10-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Cuir craobh Árón ar ais i láthair na Fianaise mar a mbeidh sí á coimeád ina sampla do na ceannaircigh seo; cuirfidh sí deireadh go deo lena monabhar i m'aghaidh le nach bhfaighidh siad bás.”

11. Rinne Maois mar a d'ordaigh an Tiarna; mar a d'ordaigh an Tiarna is ea a rinne sé.

12. Dúirt clann Iosrael le Maois: “Tá deireadh linn! Tá an bás chugainn! Tá an bás chugainn go léir!

13. Aon duine a théann i ngar do thaibearnacal an Tiarna le hofráil, gheobhaidh sé bás. An é an bás atá i ndán dúinn go léir?”

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 17