Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 16:6-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Sé seo atá le déanamh agaibh: tógaigí túiseoirí Chorach agus a lucht leanúna go léir;

7. cuirigí tine iontu agus cuirigí túis iontu i láthair an Tiarna amárach. Sé an té atá coisricthe a thoghfaidh an Tiarna. Tá sibh dulta thar fóir, a mhaca Léiví.”

8. Dúirt Maois le Corach: “Tugaigí cluas dom anois, a mhaca Léiví.

9. An beag libh é go ndearna Dia Iosrael sibh a dheighilt ó chomhthionól Iosrael do bhur mbreith ina chomharsanacht féin, le seirbhís a dhéanamh i dtaibearnacal an Tiarna, agus le seasamh os comhair an chomhthionóil seo ag comhlíonadh na ngnásanna ar a son?

10. Ghlaoigh sé ort le bheith taobh leis, tú féin agus do chomhbhráithre, clann Léiví, in éineacht leat, agus seo thú anois ag tnúth leis an tsagartacht chomh maith.

11. Uime sin is in aghaidh an Tiarna féin a rinne tú féin agus do lucht leanúna go léir an tóstal; cad é Árón go ndéanfadh sibh monabhar ina aghaidh?”

12. Ghlaoigh Maois chuige ar Dhátán agus ar Aibíorám clann Eilíáb. D'fhreagraíodar: “Ní thiocfam!

13. Nár leor sinn a thabhairt ó thír ina raibh bainne agus mil ina slaoda le bás a fháil san fhásach seo, agus gan a bheith ag iarraidh bheith i do thiarna orainn anois?

14. Agus tharais sin, níor thug tú sinn isteach in aon tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda ann, ná níor bhronn tú aon tailte ná fíonghoirt mar oidhreacht orainn. An amhlaidh is dóigh leat gur dall atá na daoine seo? Ní thiocfam.”

15. Tháinig fraoch feirge ar Mhaois agus dúirt sé leis an Tiarna: “Ná tabhair aon aird ar a n‑ofráil. Níor ghlac mé fiú le hasal uathu, ní mó ná sin a rinne mé dochar d'aon duine acu.”

16. Dúirt Maois le Corach: “Tar féin agus do lucht leanúna go léir os comhair an Tiarna amárach - tusa agus iadsan agus Árón chomh maith.

17. Tugadh gach duine agaibh a thúiseoir leis, cuireadh sé túis ann, agus beireadh sé a thúiseoir i láthair an Tiarna - dhá chéad caoga túiseoir; tú féin agus Árón chomh maith, beireadh gach duine agaibh a thúiseoir leis.”

18. Thóg gach fear a thúiseoir más ea, chuir tine ann, agus chuir túis ar an tine. Bhíodar ina seasamh ag doras Bhoth na Teagmhála agus Maois agus Árón in éineacht leo.

19. Ansin nuair a bhí an comhthionól go léir cruinnithe ag Corach in aghaidh na beirte ag doras Bhoth na Teagmhála, foilsíodh glóir an Tiarna don chomhthionól go léir.

20. Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón:

21. “Scaraigí ón bpobal seo, mar go bhfuilimse chun iad a scrios ar an toirt.”

22. Ach chaitheadarsan iad féin ar an mbéal agus ar a bhfiacla, agus dúradar: “A Dhia, a Dhia na spiorad a chuireann anam i ngach feoil, an mbeidh fearg ort leis an gcomhthionól uile de bharr peaca aon duine amháin?”

23. D'fhreagair an Tiarna:

24. “Abair é seo,” ar sé, “leis an gcomhthionól: ‘Druidigí glan amach ó chóngar áitreabh Chorach (agus Dhátán agus Aibíorám).’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 16