Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 16:29-45 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. má fhaigheann na daoine seo bás de bhás coiteann, nó más í cinniúint gach duine a bhuaileann iad, ansin níor sheol an Tiarna mé.

30. Ach má dhéanann an Tiarna rud éigin nua glan, má osclaíonn an talamh a chraos agus iad a shlogadh, iad féin agus gach a mbaineann leo, i dtreo go dtéann siad síos ina mbeatha go Seól, ansin beidh fhios agaibh gur shéan na fir seo an Tiarna.”

31. Ní raibh ach a dheireadh sin uile ráite aige nuair a scoilt an talamh ar leathadh fúthu,

32. d'oscail an talamh a chraos agus shlog sé iad, agus líon a dtithe mar aon leo, agus lucht Chorach, agus a sealúchas uile.

33. Chuadar síos ina mbeatha go Seól, iad féin agus gach ar bhain leo; dhún an talamh orthu agus bhíodar sciobtha ó lár an chomhthionóil.

34. Theith na hIosraelaigh go léir a bhí ina dtimpeall roimh a liú; óir, a dúradar: “Ná slogadh an talamh sinn!”

35. Tháinig lasair anuas ón Tiarna agus loisc sé an dá chead caoga fear ag ofráil na túise.

36. Ansin labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

37. “Abair le Eileázár mac Árón an sagart na túiseoirí a thógáil as an ngríosach agus an tine neamhdhleathach seo a scaipeadh ar fud an bhaill,

38. óir tá túiseoirí seo na bpeacach coisricthe in éiric a n‑anamacha. Ós rud é gur ofráladar os comhair an Tiarna iad agus gur coisriceadh iad, déantar an miotal iontu a bhualadh amach ina bhileoga mar chumhdach don altóir. Beidh siad ansin ina sampla do chlann Iosrael.”

39. Thóg Eileázár an sagart na túiseoirí cré-umha a d'iompar an dream a loisceadh, agus buaileadh amach ina mbileoga iad mar chumhdach don altóir,

40. lé bheith ina sampla do chlann Iosrael á chur i gcuimhne dóibh nach ceadmhach d'aon duine nach sagart agus nach de shíol Árón, teacht i ngaobhar an Tiarna le túis a dhó, le heagla gurb é dála Chorach agus a chomplachta ba chríoch dó, faoi mar a dúirt an Tiarna le hEileázár trí bhéal Mhaois.

41. Lá arna mhárach bhí comhthionól uile chlann Iosrael ag monabhar in aghaidh Mhaois agus in aghaidh Árón, á rá: “Tá an bás tugtha agat sa mhullach ar phobal an Tiarna!”

42. Agus an comhthionól go léir ag cruinniú le chéile in aghaidh Mhaois agus Árón, d'fhéachadarsan i dtreo Bhoth na Teagmhála, agus b'shiud é an néal á chlúdach agus glóir an Tiarna á thaispeáint.

43. Chuaigh Maois agus Árón go doras Bhoth na Teagmhála,

44. agus labhair an Tiarna le Maois:

45. “Druid glan amach ón gcomhthionól seo; táim ar tí iad a scrios ar an toirt.” Agus chaitheadar iad féin ar a mbéal agus ar a bhfiacla.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 16