Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 16:24-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. “Abair é seo,” ar sé, “leis an gcomhthionól: ‘Druidigí glan amach ó chóngar áitreabh Chorach (agus Dhátán agus Aibíorám).’ ”

25. D'éirigh Maois ina sheasamh ansin agus chuaigh go Dátán agus Aibíorám, agus lean seanóirí Iosrael é.

26. Dúirt sé leis an gcomhthionól: “Druidigí amach, impím oraibh, ó bhothanna na bhfear claon seo, agus ná bainigí le haon ní is leo le heagla go scuabfaí sibhse leis chun siúil lena bpeacaí go léir.”

27. Dhruideadar amach dá bhrí sin ó chóngar áitreabh Chorach.Bhí Dátán agus Aibíorám tagtha amach agus iad ina seasamh i mbéal a mbothanna, agus a mná agus a mic agus a leanaí beaga in éineacht leo.

28. Labhair Maois: “Leis seo,” ar sé, “beidh a fhios agaibh gur sheol an Tiarna féin mé chun na hoibreacha seo a dhéanamh, agus nach de mo rogha féin é:

29. má fhaigheann na daoine seo bás de bhás coiteann, nó más í cinniúint gach duine a bhuaileann iad, ansin níor sheol an Tiarna mé.

30. Ach má dhéanann an Tiarna rud éigin nua glan, má osclaíonn an talamh a chraos agus iad a shlogadh, iad féin agus gach a mbaineann leo, i dtreo go dtéann siad síos ina mbeatha go Seól, ansin beidh fhios agaibh gur shéan na fir seo an Tiarna.”

31. Ní raibh ach a dheireadh sin uile ráite aige nuair a scoilt an talamh ar leathadh fúthu,

32. d'oscail an talamh a chraos agus shlog sé iad, agus líon a dtithe mar aon leo, agus lucht Chorach, agus a sealúchas uile.

33. Chuadar síos ina mbeatha go Seól, iad féin agus gach ar bhain leo; dhún an talamh orthu agus bhíodar sciobtha ó lár an chomhthionóil.

34. Theith na hIosraelaigh go léir a bhí ina dtimpeall roimh a liú; óir, a dúradar: “Ná slogadh an talamh sinn!”

35. Tháinig lasair anuas ón Tiarna agus loisc sé an dá chead caoga fear ag ofráil na túise.

36. Ansin labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

37. “Abair le Eileázár mac Árón an sagart na túiseoirí a thógáil as an ngríosach agus an tine neamhdhleathach seo a scaipeadh ar fud an bhaill,

38. óir tá túiseoirí seo na bpeacach coisricthe in éiric a n‑anamacha. Ós rud é gur ofráladar os comhair an Tiarna iad agus gur coisriceadh iad, déantar an miotal iontu a bhualadh amach ina bhileoga mar chumhdach don altóir. Beidh siad ansin ina sampla do chlann Iosrael.”

39. Thóg Eileázár an sagart na túiseoirí cré-umha a d'iompar an dream a loisceadh, agus buaileadh amach ina mbileoga iad mar chumhdach don altóir,

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 16