Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 16:14-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Agus tharais sin, níor thug tú sinn isteach in aon tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda ann, ná níor bhronn tú aon tailte ná fíonghoirt mar oidhreacht orainn. An amhlaidh is dóigh leat gur dall atá na daoine seo? Ní thiocfam.”

15. Tháinig fraoch feirge ar Mhaois agus dúirt sé leis an Tiarna: “Ná tabhair aon aird ar a n‑ofráil. Níor ghlac mé fiú le hasal uathu, ní mó ná sin a rinne mé dochar d'aon duine acu.”

16. Dúirt Maois le Corach: “Tar féin agus do lucht leanúna go léir os comhair an Tiarna amárach - tusa agus iadsan agus Árón chomh maith.

17. Tugadh gach duine agaibh a thúiseoir leis, cuireadh sé túis ann, agus beireadh sé a thúiseoir i láthair an Tiarna - dhá chéad caoga túiseoir; tú féin agus Árón chomh maith, beireadh gach duine agaibh a thúiseoir leis.”

18. Thóg gach fear a thúiseoir más ea, chuir tine ann, agus chuir túis ar an tine. Bhíodar ina seasamh ag doras Bhoth na Teagmhála agus Maois agus Árón in éineacht leo.

19. Ansin nuair a bhí an comhthionól go léir cruinnithe ag Corach in aghaidh na beirte ag doras Bhoth na Teagmhála, foilsíodh glóir an Tiarna don chomhthionól go léir.

20. Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón:

21. “Scaraigí ón bpobal seo, mar go bhfuilimse chun iad a scrios ar an toirt.”

22. Ach chaitheadarsan iad féin ar an mbéal agus ar a bhfiacla, agus dúradar: “A Dhia, a Dhia na spiorad a chuireann anam i ngach feoil, an mbeidh fearg ort leis an gcomhthionól uile de bharr peaca aon duine amháin?”

23. D'fhreagair an Tiarna:

24. “Abair é seo,” ar sé, “leis an gcomhthionól: ‘Druidigí glan amach ó chóngar áitreabh Chorach (agus Dhátán agus Aibíorám).’ ”

25. D'éirigh Maois ina sheasamh ansin agus chuaigh go Dátán agus Aibíorám, agus lean seanóirí Iosrael é.

26. Dúirt sé leis an gcomhthionól: “Druidigí amach, impím oraibh, ó bhothanna na bhfear claon seo, agus ná bainigí le haon ní is leo le heagla go scuabfaí sibhse leis chun siúil lena bpeacaí go léir.”

27. Dhruideadar amach dá bhrí sin ó chóngar áitreabh Chorach.Bhí Dátán agus Aibíorám tagtha amach agus iad ina seasamh i mbéal a mbothanna, agus a mná agus a mic agus a leanaí beaga in éineacht leo.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 16