Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 16:1-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Corach mac Izeár, mac Chohát, mac Léiví, agus Dátán agus Aibíorám mic Eilíáb agus Ón mac Pheilit - mic le Reúbaen a ba ea Eilíáb agus Peilit -

2. ghabhadar cabhair fear chucu agus d'eiríodar amach in aghaidh Mhaois, agus mar aon leo dhá chead caoga de chlann Iosrael, ceannairí sa chomhthionól, fir a bhí oirearc sna féilte sollúnta, lucht dea-cháile.

3. Chruinníodar seo le chéile in aghaidh Mhaois agus Árón agus dúradar leo: “Tá sibh dulta thar fóir! Tá an comhthionól go léir coisricthe, gach duine riamh díobh, agus maireann an Tiarna ina gcoimhdeacht. Cad ab áil libh dá bhrí sin do bhur gcur féin os cionn chomhthionól an Tiarna?”

4. Arna chlos sin do Mhaois chaith sé é féin ar a bhéal agus ar a fhiacla

5. agus dúirt le Corach agus lena lucht leanúna go léir: “Ar maidin amárach, nochtfaidh an Tiarna cé is leis, agus cé hé an duine coisricthe a scaoilfidh sé ina chóngar. An té a scaoilfidh sé ina chóngar, sin é an té a thogh sé.

6. Sé seo atá le déanamh agaibh: tógaigí túiseoirí Chorach agus a lucht leanúna go léir;

7. cuirigí tine iontu agus cuirigí túis iontu i láthair an Tiarna amárach. Sé an té atá coisricthe a thoghfaidh an Tiarna. Tá sibh dulta thar fóir, a mhaca Léiví.”

8. Dúirt Maois le Corach: “Tugaigí cluas dom anois, a mhaca Léiví.

9. An beag libh é go ndearna Dia Iosrael sibh a dheighilt ó chomhthionól Iosrael do bhur mbreith ina chomharsanacht féin, le seirbhís a dhéanamh i dtaibearnacal an Tiarna, agus le seasamh os comhair an chomhthionóil seo ag comhlíonadh na ngnásanna ar a son?

10. Ghlaoigh sé ort le bheith taobh leis, tú féin agus do chomhbhráithre, clann Léiví, in éineacht leat, agus seo thú anois ag tnúth leis an tsagartacht chomh maith.

11. Uime sin is in aghaidh an Tiarna féin a rinne tú féin agus do lucht leanúna go léir an tóstal; cad é Árón go ndéanfadh sibh monabhar ina aghaidh?”

12. Ghlaoigh Maois chuige ar Dhátán agus ar Aibíorám clann Eilíáb. D'fhreagraíodar: “Ní thiocfam!

13. Nár leor sinn a thabhairt ó thír ina raibh bainne agus mil ina slaoda le bás a fháil san fhásach seo, agus gan a bheith ag iarraidh bheith i do thiarna orainn anois?

14. Agus tharais sin, níor thug tú sinn isteach in aon tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda ann, ná níor bhronn tú aon tailte ná fíonghoirt mar oidhreacht orainn. An amhlaidh is dóigh leat gur dall atá na daoine seo? Ní thiocfam.”

15. Tháinig fraoch feirge ar Mhaois agus dúirt sé leis an Tiarna: “Ná tabhair aon aird ar a n‑ofráil. Níor ghlac mé fiú le hasal uathu, ní mó ná sin a rinne mé dochar d'aon duine acu.”

16. Dúirt Maois le Corach: “Tar féin agus do lucht leanúna go léir os comhair an Tiarna amárach - tusa agus iadsan agus Árón chomh maith.

17. Tugadh gach duine agaibh a thúiseoir leis, cuireadh sé túis ann, agus beireadh sé a thúiseoir i láthair an Tiarna - dhá chéad caoga túiseoir; tú féin agus Árón chomh maith, beireadh gach duine agaibh a thúiseoir leis.”

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 16