Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 15:26-41 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. tabharfar maithiúnas do chomhthionól chlann Iosrael ar fad, agus don choimhthíoch ag cur faoi ina measc, óir rinne an pobal go léir peaca trí neamhaire.

27. Más duine aonair a pheacaíonn trí neamhaire, ofráladh sé meannán baineann bliana mar íobairt pheaca.

28. Ní foláir don sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh i láthair an Tiarna don duine a chuaigh ar seachrán agus a pheacaigh trí neamhaire; nuair a bhíonn gnás an leorghnímh comhlíonta dó, maithfear dó,

29. cibé acu dúchasach, duine de chlann Iosrael é, nó deoraí ag cur faoi ina measc. Ná bíodh ach an t‑aon dlí amháin in bhur measc don té a pheacaíonn le neamhaire.

30. Ach an té a pheacaíonn d'aonghnó, más dúchasach, más coimhthíoch, tugann sé masla don Tiarna féin. Déantar an duine sin a ghearradh amach óna phobal;

31. tá briathar an Tiarna tarcaisnithe aige agus a aithne briste aige. Ní foláir an duine sin a ghearradh amach ar fad; leanann a pheaca sa mhullach air.”

32. Fad a bhí clann Iosrael san fhásach, fuarthas fear ag bailiú brosna ar an tsabóid.

33. An dream a rug air ag bailiú brosna, thugadar leo é os comhair Mhaois agus Árón agus an chomhthionóil go léir.

34. Coimeádadh i ngéibheann é mar nach raibh sé socair fós cén pionós a bhí le cur air.

35. Dúirt an Tiarna le Maois: “Ní foláir an duine seo a chur chun báis; ní foláir don chomhthionól go léir gabháil de chlocha ann lasmuigh den champa.”

36. Rug an comhthionól go léir leo é lasmuigh den champa agus ghabhadar de chlocha ann go dtí go raibh sé marbh, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

37. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

38. “Labhair le clann Iosrael agus abair leo scothóga a chur ar fháithimí a mbrat ó ghlúin go glúin, agus ribín corcra a chur ar an scothóg ag an bhfáithim.

39. Bíodh an scothóg agaibh dá bhrí sin le féachaint uirthi le haitheanta uile an Tiarna a chur i gcuimhne daoibh; cuirigí i ngníomh iad más ea agus ná leanaigí mianta bhur gcroí agus bhur súl a thuilleadh, óir sheoladar sibh ar bhealach an striapachais.

40. Cuirfidh an rud seo m'aitheanta go léir i gcuimhne daoibh; cuirigí i ngníomh iad agus bígí coisricthe do bhur nDia.

41. Mise an Tiarna, bhur nDia, a thug sibh amach as tír na hÉigipte d'fhonn go mbeinn mar Dhia agaibh; mise an Tiarna bhur nDia.”

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 15