5. Ansin chaith Maois agus Árón iad féin ar a mbéal agus ar a bhfiacla os comhair chruinniú chomhthionól chlann Iosrael go léir.
6. Iósua mac Nún agus Cálaeb mac Iafuna, beirt de lucht braite na tíre, stróic siad a n‑éadaí,
7. agus dúradar le comhthionól chlann Iosrael go léir: “An tír a ghabhamar á thaiscéaladh, is tír mhaith é, tír fhónta.
8. Má bhíonn an Tiarna sásta linn, seolfaidh sé isteach sa tír seo sinn agus tabharfaidh sé dúinn é. Is tír é ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.
9. Ná déanaigí ceannairc in aghaidh an Tiarna. Ná bíodh eagla oraibh roimh mhuintir na tíre seo; déanfaimid iad a alpadh. Tá scáil a gcumhdaithe scartha leo, fad tá an Tiarna inár gcoimhdeacht. Na bíodh eagla oraibh rompu.”
10. Ag caint ar ghabháil de chlocha orthu a bhí an comhthionól go léir nuair a thaispeáin glóir an Tiarna í féin ag Both na Teagmhála do chlann Iosrael.
11. Dúirt an Tiarna le Maois: “An fada a bheidh an pobal seo do mo mhaslú? An fada a dhiúltóidh siad creideamh ionam d'ainneoin na gcomharthaí go léir a rinne mé ina measc?
12. Buailfidh mé le plá iad agus fágfaidh mé gan oidhreacht iad; agus déanfaidh mé cine nua díotsa, cine is mó agus is treise ná iad.”