Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 14:13-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. D'fhreagair Maois an Tiarna agus dúirt: “Tá sé cloiste ag na hÉigiptigh cheana féin, go dtug tusa an pobal seo, trí do chumhacht féin, amach óna measc.

14. Tá sin ráite cheana féin acu le muintir na tíre seo. Tá a fhios acu cheana féin go bhfuil tusa, a Thiarna, i lár an phobail seo, agus go dtaispeánann tú thú féin dóibh gnúis le gnúis; gurb é do néalsa, a Thiarna, a stadann os a gcionn, agus go dtéann tú rompu mar cholún néil sa lá agus mar cholún tine san oíche.

15. Má mharaíonn tú an mhuintir seo anois d'aon iarracht, déarfaidh na ciníocha a chuala i do thaobh:

16. ‘Níor fhéad an Tiarna an mhuintir seo a thabhairt isteach sa tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé dóibh, agus dá bhrí sin rinne sé ár orthu san fhásach.’

17. I bhfad uait anois é, impím ort. Taispeáin do chumhacht anois de réir na mbriathra a labhair tú:

18. ‘Is mall é an Tiarna chun feirge, is lán é de bhuanghrá; maitheann sé coir agus peaca, ach ní fhágann sé aon ní gan díolt, ag agairt cion na n‑aithreacha ar an gclann agus ar chlann na clainne go dtí an tríú agus an ceathrú glúin.’

19. Ó lánmhaire do bhuanghra dá bhrí sin, maith peaca an phobail seo, faoi mar atá maite agat don phobal seo ón Éigipt go dtí seo.”

20. Ansin dúirt an Tiarna: “Maithim dóibh mar a iarrann tú.

21. Ach, dar mo bheo agus dar glóir an Tiarna a líonann an domhan uile,

22. an mhuintir seo go léir a chonaic mo ghlóir agus na hiontais a rinne mé san Éigipt agus san fhásach, agus a rinne mé a phromhadh faoi dheich cheana féin gan géilleadh do mo ghlór

23. ní fheicfidh duine díobh an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dá n‑aithreacha; ní fheicfidh duine den dream a chaith drochmheas liom é.

24. Ach tá malairt spioraid i mo shearbhónta Cálaeb. De bhrí go ndearna sé rud orm go beacht, tabharfaidh mé isteach é sa tír ina ndeachaigh sé agus beidh seilbh ag a shliocht air.

25. (Tá an tAmailéiceach agus an Canánach ag cur fúthu sa mhachaire). Casaigí ar bhur sáil amárach agus filligí ar ais ar an bhfásach i dtreo na Mara Súf.”

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 14