Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 11:25-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. Ansin tháinig an Tiarna anuas sa néal agus labhair leis agus thóg de cuid den spiorad a bhí air agus chuir ar an seachtó seanóir é. Nuair a luigh an spiorad orthu rinneadar fáidheoireacht, ach ní dhearnadar sin arís.

26. D'fhan beirt fhear sa champa - Ealdad a ba ainm do dhuine díobh agus Méadad a ba ainm don duine eile. Luigh an spiorad orthu; cé nach ndeachadar go dtí an Bhoth cláraíodh a n‑ainmneacha leis an gcuid eile. Chromadar ar fháidheoireacht sa champa.

27. Rith an fear óg leis an scéala go Maois: “Féach! seo Ealdad agus Méadad ag fáidheoireacht sa champa!”

28. Ansin dúirt Iósua mac Nún, duine tofa dá chuid a bhíodh ag fónamh do Mhaois: “A Mhaois, a thiarna, cuir cosc leo!”

29. Ach dúirt Maois leis: “An amhlaidh atá formad ort ar mo shonsa? Uch nach fáithe iad pobal an Tiarna ar fad, agus nár chuir an Tiarna a spiorad orthu go léir!”

30. Ansin d'fhill Maois, agus seanóirí Iosrael lena chois, ar an gcampa.

31. Ghabh gaoth amach ón Tiarna agus thiomáin sé gearga isteach ón bhfarraige agus thug anuas iad láimh leis an gcampa. Bhíodar ina luí ansiúd aistear lae, abair, ón gcampa, ina thimpeall ón dá thaobh, agus iad dhá bhanláimh ar airde ar an talamh.

32. D'fhan an pobal ar a gcois an lá agus an oíche sin go léir, agus lá arna mhárach chomh maith, ag cruinniú gearg; deich n‑ómar an cnuasach is lú a rinne aon duine. Ansin leathadar amach dóibh féin timpeall an champa iad.

33. Bhí an fheoil fós faoina bhfiacla, gan cogaint, nuair a d'adhain fearg an Tiarna in aghaidh an phobail, agus bhuail an Tiarna an pobal le plá rómhór.

34. Uime sin tugadh Ciobrót Hatavá (“Uaigheanna an Mhiangais”) ar an áit mar is ansiúd a d'adhlacadar an dream a ghéill dá miangas.

35. Chuir an pobal chun siúil ó Chiobrót Hatavá go Hazaerót; agus shuíodar a gcampa i Hazaerót.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 11