Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 11:14-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Ní féidir domsa an pobal seo go léir a iompar liom féin amháin; tá an t‑ualach ró-throm dom.

15. Más mar sin is mian leat plé liom, maraigh mé ar an toirt! Uch gan do ghnaoi a bheith orm agus gan mé a fheiceáil truamhéile mar seo le mo shúile cinn!”

16. Dúirt an Tiarna le Maois: “Cruinnigh dom seachtó de sheanóirí Iosrael, daoine is eol duit is sinsir ar an bpobal agus is scríobhaithe acu. Beir leat iad go Both na Teagmhála agus seasaídís ansiúd farat.

17. Tiocfaidh mé anuas chun labhairt leat ansiúd agus tógfaidh mé cuid den spiorad atá ortsa agus cuirfidh mé orthu siúd é. Iompróidh siad mar sin cuid d'ualach na muintire seo in éineacht leat agus ní bheidh ort é a iompar leat féin amháin a thuilleadh.

18. Abair leis an bpobal: ‘Coisricigí sibh féin don lá amárach, agus beidh feoil le hithe agaibh, óir rinne sibh lógóireacht i gcomhchlos don Tiarna á rá: Cé thabharfaidh feoil le hithe dúinn? Nár bhreá an saol a bhí againn san Éigipt! Uime sin tabharfaidh an Tiarna feoil le hithe daoibh.

19. Ní ar feadh lae amháin, nó dhá lá, nó cúig lá, nó deich lá, nó fiche lá, a íosfaidh sibh í,

20. ach ar feadh mí iomlán, go dtí go gcuirfidh sí masmas oraibh agus go mbeidh an ghráin agaibh uirthi, mar gur shéan sibh an Tiarna atá in bhur measc agus go ndearna sibh lógóireacht ina láthair á rá: Cad ab áil linn teacht amach as an Éigipt ar aon chor?’ ”

21. Dúirt Maois: “Sé líon an phobail i mo thimpeall, sé chéad míle troitheach, agus deir tú: ‘Tabharfaidh mé feoil le hithe dóibh ar feadh mí iomlán!’

22. Dá marófaí na tréada agus na táinte go léir dóibh, ar leor sin dóibh? Dá mbaileofaí a bhfuil d'iasc san fharraige dóibh, ar leor sin dóibh?”

23. “Ar giorraíodh lámh an Tiarna?” arsa an Tiarna le Maois, “feicfidh tú anois an gcomhlíonfar mo gheallúint duit nó nach ndéanfar.”

24. Chuaigh Maois amach dá bhrí sin agus d'inis don phobal cad dúirt an Tiarna; agus chruinnigh sé seachtó de sheanóirí an phobail agus thug leis agus chuir timpeall na Botha iad.

25. Ansin tháinig an Tiarna anuas sa néal agus labhair leis agus thóg de cuid den spiorad a bhí air agus chuir ar an seachtó seanóir é. Nuair a luigh an spiorad orthu rinneadar fáidheoireacht, ach ní dhearnadar sin arís.

26. D'fhan beirt fhear sa champa - Ealdad a ba ainm do dhuine díobh agus Méadad a ba ainm don duine eile. Luigh an spiorad orthu; cé nach ndeachadar go dtí an Bhoth cláraíodh a n‑ainmneacha leis an gcuid eile. Chromadar ar fháidheoireacht sa champa.

27. Rith an fear óg leis an scéala go Maois: “Féach! seo Ealdad agus Méadad ag fáidheoireacht sa champa!”

28. Ansin dúirt Iósua mac Nún, duine tofa dá chuid a bhíodh ag fónamh do Mhaois: “A Mhaois, a thiarna, cuir cosc leo!”

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 11