Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 11:1-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bhí an pobal ag cnáimhseán i dtaobh a gcruatan faoi éisteacht an Tiarna, agus arna gclos don Tiarna d'adhain a fhearg agus las lasair an Tiarna ina measc agus loisc sé imeall den champa.

2. Ansin rinne an pobal achainí ar Mhaois agus ghuigh sé chun an Tiarna agus chuaigh an tine in éag.

3. Tugadh Tabaerá ar an áit mar gur loisc lasair an Tiarna ina measc.

4. An daoscarshlua a bhí i measc an phobail, bhuail miangas iad, agus chrom clann Iosrael chomh maith ar lógóireacht arís: “Cé thabharfaidh feoil le hithe dúinn?” ar siad.

5. “Cad é iasc, mar is cuimhin linn, a d'ithimís in aisce san Éigipt! - agus cúcamair, agus mealbhacáin, agus cainninn, agus oinniúin, agus gairleoga.

6. Ach anois níl géarú goile againn agus gan ach manna os comhair ár súl againn.”

7. Anois bhí an manna mar shíol coiriandair, agus dealramh bdellium air.

8. Ghabhadh an pobal timpeall agus chruinnídís é, agus mheilidís i muilte é, nó bhrúidís le tuairgnín é; dhéanaidís é a bhruith ansin i bpotaí, agus dhéanaidís cístí de. Bhí blas air mar a bheadh ar chístí bruite le hola.

9. Nuair a thiteadh an drúcht ar an gcampa san oíche, thiteadh an manna in éineacht leis.

10. Chuala Maois an pobal ag lógóireacht, gach clann i mbéal a botha, agus adhnadh fearg an Tiarna go tréan, agus bhí suaitheadh mór ar Mhaois dá bharrsan.

11. Dúirt Maois leis an Tiarna: “Cén fáth go bhfuil do shearbhónta agat á chrá? Cén fáth nach bhfuil do ghnaoi orm, ach tú ag cur ualach an phobail seo go léir sa mhullach orm?

12. An mise a ghin an mhuintir seo go léir? An mise a thug ar an saol iad a rá is go ndéarfá liom: ‘Beir leat i d'ucht iad mar a dhéanfadh buime le leanbh cíche - chun na tíre a mhionnaigh tú a thabharfá dá n‑aithreacha’?

13. Cá bhfuil feoil le fáil agamsa le tabhairt don mhuintir seo go léir nuair a thagann siad chugam agus na deora leo á rá: ‘Tabhair dúinn feoil le hithe!’?

14. Ní féidir domsa an pobal seo go léir a iompar liom féin amháin; tá an t‑ualach ró-throm dom.

15. Más mar sin is mian leat plé liom, maraigh mé ar an toirt! Uch gan do ghnaoi a bheith orm agus gan mé a fheiceáil truamhéile mar seo le mo shúile cinn!”

16. Dúirt an Tiarna le Maois: “Cruinnigh dom seachtó de sheanóirí Iosrael, daoine is eol duit is sinsir ar an bpobal agus is scríobhaithe acu. Beir leat iad go Both na Teagmhála agus seasaídís ansiúd farat.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 11