4. Nuair nach séidfear ach ceann, ansin ná cruinníodh i do thimpeall ach an lucht ceannais, ceannairí threibheanna Iosrael.
5. Nuair a ghabhann gáir chatha leis an séideadh, cuireadh na campaí lastoir chun siúil.
6. Nuair a dhéanfar an dara séideadh agus go mbíonn gáir chatha leis, cuireadh na campaí laisteas chun siúil. Chun an campa a scor, ní foláir gáir chatha a dhul leis an séideadh;
7. ach chun an comhthionól a chruinniú, déantar an trumpa a shéideadh gan gháir chatha.
8. Siad na sagairt, clann Árón, a shéidfidh na trumpaí; dlí síoraí é seo daoibh féin agus do bhur sliocht.
9. “Nuair a rachaidh sibh chun cogaidh in bhur dtír féin in aghaidh namhad a bhíonn ag déanamh leatroim oraibh, ní foláir daoibh an trumpa a shéideadh leis an ngáir chatha: ‘Cuimhneofar oraibh i láthair an Tiarna bhur nDia, agus déanfar sibh a fhuascailt ó bhur naimhde!’
10. In bhur bhféilte chomh maith, in bhur sollúna cinnte agus in bhur bhféilte ré nua, déanfaidh sibh bhur dtrumpaí a shéideadh le linn bhur n‑íobairtí loiscthe agus bhur n‑íobairtí comaoineach; beidh siadsan mar shás cuimhnithe oraibh i láthair bhur nDé. Mise an Tiarna bhur nDia.”
11. Sa dara bliain, sa dara mí, ar an bhfichiú lá den mhí sin, d'ardaigh an néal ó thaibearnacal na Fianaise.
12. Chuir clann Iosrael chun siúil faoi eagar aistir, ó fhásach Shíonái. Luigh an néal i bhfásach Phárán.
13. Seo iad an mhuintir a chuir chun bealaigh ar dtús faoi ordú an Tiarna trí bhéal Mhaois:
14. ar tosach bhí bratach champa chlann Iúdá faoi chóiriú catha. I gceannas ar a slua bhí Nachsón mac Amaíneádáb;
15. i gceannas ar threibh chlann Íosácár faoi chóiriú catha bhí Natanael mac Zúár;
16. i gceannas ar threibh chlann Zabúlun faoi chóiriú catha bhí Eilíáb mac Haelon.
17. Nuair a tógadh anuas an taibearnacal, chuir clann Ghéirseon agus clann Mharáraí chun bealaigh ag iompar an taibearnacail.
18. Ansin chuir bratach champa chlann Reúbaen chun bealaigh faoi chóiriú catha; i gceannas ar shlua Reúbaen bhí Eilíozúr mac Shidéúr;
19. i gceannas threibh chlann Shímeon faoi chóiriú catha bhí Sealuimíéil mac Zúiríseadái;
20. i gceannas threibh chlann Ghád faoi chóiriú catha bhí Eiliásáf mac Dheúael.