Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 10:21-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Ansin chuir clann Chohát chun bealaigh agus na nithe naofa ar iompar acu (bhí an taibearnacal curtha suas roimh iad a theacht).

22. Ansin tháinig bratach champa chlann Eafráim faoi chóiriú catha; i gceannas ar a slua bhí Eilíseámá mac Aimíohúd;

23. i gceannas ar shlua threibh chlann Mhanaise bhí Gamailíéil mac Phadázúr;

24. i gceannas ar shlua threibh chlann Bhiniáimin bhí Aibíodan mac Ghideoiní.

25. Ar deireadh, thiar, mar chúlgharda ar an gcampa uile, chuir bratach champa chlann Dhán chun bealaigh, faoi chóiriú catha; i gceannas ar a slua bhí Aichíeizir mac Aimíseadái;

26. i gceannas ar threibh chlann Áiséar faoi chóiriú catha bhí Paigíéil mac Ocrán;

27. i gceannas ar threibh chlann Naftáilí faoi chóiriú catha, bhí Aichíora mac Aenán.

28. Ba é sin eagar máirseála chlann Iosrael faoi chóiriú catha. Chuireadar chun bóthair dá bhrí sin.

29. Dúirt Maois le Hobáb mac Reúael, an Midiánach, athair a chéile: “Táimid ag cur chun bóthair go dtí an tír a ndúirt an Tiarna faoi: ‘tabharfaidh mé daoibh é’. Tar linn agus déanfaimid do leas, óir gheall an Tiarna sonas do chlann Iosrael.”

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 10