Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 10:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Labhair an Tiarna le Maois:

2. “Déan dhá thrumpa, déan d'airgead buailte iad. Bain feidhm astu ag gairm an chomhthionóil agus ag scor an champa.

3. Nuair a shéidfear iad araon cruinníodh an comhthionól chugat ag doras Bhoth na Teagmhála.

4. Nuair nach séidfear ach ceann, ansin ná cruinníodh i do thimpeall ach an lucht ceannais, ceannairí threibheanna Iosrael.

5. Nuair a ghabhann gáir chatha leis an séideadh, cuireadh na campaí lastoir chun siúil.

6. Nuair a dhéanfar an dara séideadh agus go mbíonn gáir chatha leis, cuireadh na campaí laisteas chun siúil. Chun an campa a scor, ní foláir gáir chatha a dhul leis an séideadh;

7. ach chun an comhthionól a chruinniú, déantar an trumpa a shéideadh gan gháir chatha.

8. Siad na sagairt, clann Árón, a shéidfidh na trumpaí; dlí síoraí é seo daoibh féin agus do bhur sliocht.

9. “Nuair a rachaidh sibh chun cogaidh in bhur dtír féin in aghaidh namhad a bhíonn ag déanamh leatroim oraibh, ní foláir daoibh an trumpa a shéideadh leis an ngáir chatha: ‘Cuimhneofar oraibh i láthair an Tiarna bhur nDia, agus déanfar sibh a fhuascailt ó bhur naimhde!’

10. In bhur bhféilte chomh maith, in bhur sollúna cinnte agus in bhur bhféilte ré nua, déanfaidh sibh bhur dtrumpaí a shéideadh le linn bhur n‑íobairtí loiscthe agus bhur n‑íobairtí comaoineach; beidh siadsan mar shás cuimhnithe oraibh i láthair bhur nDé. Mise an Tiarna bhur nDia.”

11. Sa dara bliain, sa dara mí, ar an bhfichiú lá den mhí sin, d'ardaigh an néal ó thaibearnacal na Fianaise.

12. Chuir clann Iosrael chun siúil faoi eagar aistir, ó fhásach Shíonái. Luigh an néal i bhfásach Phárán.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 10