23. Ba é a líon siúd ar threibh Shímeon caoga naoi míle trí chéad.
24. Nuair a bhí ginealach mhuintir Ghád curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh ar a gcumas airm a iompar.
25. Ba é a líon siúd ar threibh Ghád daichead cúig mhíle sé chéad agus a caoga.
26. Nuair a bhí ginealach mhuintir Iúdá curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
27. Ba é a líon siúd ar threibh Iúdá, seachtó ceathair míle sé chéad.
28. Nuair a bhí ginealach mhuintir Íosácár curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
29. Ba é a líon siúd ar threibh Íosácár, caoga ceathair míle ceithre chéad.
30. Nuair a bhí ginealach mhuintir Zabúlun curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
31. Ba é a líon siúd ar threibh Zabúlun caoga seacht míle ceithre chéad.
32. Maidir le clann Iósaef: Nuair a bhí ginealach mhuintir Eafráim curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
33. Ba é a líon siúd ar threibh Eafráim daichead míle cúig céad.
34. Nuair a bhí ginealach mhuintir Mhanaise curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
35. Ba é a líon siúd ar threibh Mhanaise tríocha dó míle dhá chéad.
36. Nuair a bhí ginealach mhuintir Bhiniáimin curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
37. Ba é a líon siúd ar threibh Bhiniáimin tríocha cúig mhíle ceithre chéad.
38. Nuair a bhí ginealach mhuintir Dhán curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.