Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 9:4-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Is eol duit chomh maith an mionn atá tugtha ag Raguéil agus ní féidir dom cur ina choinne.”

5. D'imigh Rafael mar sin leis an gceathrar seirbhíseach agus an dá chamall go Raigéis na Méide agus chuir siad fúthu i dteach Ghabael. Thug Rafael an admháil fiacha dó agus d'inis sé dó freisin go raibh Tóibias, mac Thóibít, tar éis bean a phósadh agus gur thug sé cuireadh chun na bainise dó. Chomhair Gabael na málaí séalaithe airgid amach dó ar an toirt. Go luath ar maidin lá arna mhárach chuir siad na málaí ar na camaill agus

6. siúd chun siúil iad go léir le chéile chun na bainise.Nuair a chuaigh siad isteach i dteach Raguéil fuair siad Tóibias ar a shleasluí ag an mbord. Léim sé ina sheasamh láithreach agus chuir sé fáilte is fiche roimh Ghabael. Thosaigh seisean ag gol agus thug sé a bheannacht do Thóibias, á rá: “A ógánaigh sháruasail, a mhic an dea-athar uasail ionraic dhéirciúil, go gcuire an Tiarna a bheannacht anuas ó neamh ort féin agus ar do bhean chéile agus ar d'athair agus ar mháthair do mhná céile. Moladh go deo le Dia toisc go bhfaca mé mo chol ceathrar, Tóibias. Is é a athair ina steillbheatha é.”

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 9