Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 9:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ina dhiaidh sin chuir Tóibias fios ar Rafael agus dúirt sé leis,

2. “A Azairias, a bhráthair liom, ar mhiste leat ceathrar seirbhíseach agus dhá chamall a bhreith leat agus dul go Raigéis. Imigh go dtí teach Ghabael agus tabhair dó an admháil fiacha úd. Faigh an t‑airgead uaidh agus beir leat é féin chun na bainise.

3. Tá a fhios agat go bhfuil m'athair ag áireamh na laethanta agus má bhím go fiú aon lá amháin déanach cuirfidh mé buairt mhór air.

4. Is eol duit chomh maith an mionn atá tugtha ag Raguéil agus ní féidir dom cur ina choinne.”

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 9