Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 8:7-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Mar sin de, ní le teann drúisea ghlacaim mo bhean mhuinteartha chugam mar chéileach le croí ionraic glan.Deonaigh trócaire a dhéanamh ormsa agus uirthisa chaoi go bhfaighimid aois mhaith i dteannta a chéile.”

8. Agus dúirt siad araon ansin: “Amen! Amen!”

9. agus chodail siad ar feadh na hoíche.Nuair a d'éirigh Raguéil ghlaoigh sé chuige a chuid seirbhíseach agus d'imigh siad amach agus bhain siad uaigh.

10. Óir dúirt sé, “Is eagal liom go bhfaighidh sé bás agus go ndéanfar ceap magaidh agus aithise dínne.”

11. Chomh luath agus a bhí an uaigh bainte acu chuaigh Raguéil isteach sa teach agus ghlaoigh sé a bhean chéile chuige

12. agus dúirt sé léi: “Ar mhiste leat duine de na cailíní aimsire a chur isteach sa seomra féachaint an bhfuil sé beo? Óir, más amhlaidh atá sé marbh, déanaimis é a adhlacadh gan fhios d'aon duine.”

13. Tar éis dóibh lampa a lasadh agus an doras a oscailt dúirt siad leis an gcailín dul isteach. Nuair a chuaigh sise isteach, fuair sí an bheirt acu ina sámhchodladh le chéile.

14. Amach léi láithreach agus d'inis sí dóibh go raibh Tóibias beo agus nach ndearnadh aon dochar ar bith dó.

15. Thosaigh siad, mar sin, ar Dhia na bhflaitheas a mholadh mar a leanas:“Moladh go deo leat, a Dhia,le gach moladh dá ghlaine!Go moltar thú trí shaol na saol!

16. Moladh go deo leat, a Dhia,mar chuir tú áthas ormsaagus níor tharla an tubaistea raibh eagla orm roimpi;óir chaith tú linnde réir do mhórthrócaire.

17. Moladh go deo leat, a Dhia,mar bhí trua agat don bheirt aonghin seo.Déan trócaire orthu, a Thiarna,agus slánaigh iad.Tabhair dóibh a mbeatha a chaitheamhgo háthasach grámhar go deireadh a saoil.”

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 8