Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 8:1-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a bhí deireadh ite agus ólta acu, ba mhian leo dul a chodladh. Rinne an tseanlánúin an buachaill a thionlacan ón seomra bia go dtí an seomra codlata.

2. Chuimhnigh Tóibias ar bhriathra Rafael agus thóg sé ae an éisc agus a chroí as an mála mar a raibh siad aige agus leag sé ar ghríosach na túise iad.

3. Chuir an boladh cosc ar an deamhan agus theith sé go dtí an Éigipt Uachtair. Chuaigh Rafael sa tóir air láithreach agus chuir sé ceangal na gcúig chaol air ann [agus d'fhill sé gan mhoill].

4. Idir an dá linn d'imigh an tseanlánúin as an seomra agus dhún siad an doras ina ndiaidh. D'éirigh Tóibias amach as an leaba ansin agus dúirt sé le Sárá: “Éirigh, a stór! Guímis agus iarraimis ar ár dTiarna trócaire a dhéanamh orainn agus sinn a shlánú.”

5. D'éirigh sise agus thosaigh siad ag guí agus ag iarraidh go slánófaí iad agus chuir Tóibias tús ar an urnaí mar seo:“Is beannaithe thú, a Dhia ár sinsear;go moltar d'ainm choíche agus go brách;na flaithis agus gach ar chruthaigh tú,go mola siad thú go deo.

6. Is tú a rinne Ádhamh;rinne tú Éabha, a bhean chéile, chomh maithchun cabhair agus cúnamh a thabhairt dó;agus is ón mbeirt seo a shíolraigh an cine daonna.Is tú a dúirt: ‘Ní maith an duine a bheith ina aonar;déanaimis céile cúnta dó cosúil leis féin.’

7. Mar sin de, ní le teann drúisea ghlacaim mo bhean mhuinteartha chugam mar chéileach le croí ionraic glan.Deonaigh trócaire a dhéanamh ormsa agus uirthisa chaoi go bhfaighimid aois mhaith i dteannta a chéile.”

8. Agus dúirt siad araon ansin: “Amen! Amen!”

9. agus chodail siad ar feadh na hoíche.Nuair a d'éirigh Raguéil ghlaoigh sé chuige a chuid seirbhíseach agus d'imigh siad amach agus bhain siad uaigh.

10. Óir dúirt sé, “Is eagal liom go bhfaighidh sé bás agus go ndéanfar ceap magaidh agus aithise dínne.”

11. Chomh luath agus a bhí an uaigh bainte acu chuaigh Raguéil isteach sa teach agus ghlaoigh sé a bhean chéile chuige

12. agus dúirt sé léi: “Ar mhiste leat duine de na cailíní aimsire a chur isteach sa seomra féachaint an bhfuil sé beo? Óir, más amhlaidh atá sé marbh, déanaimis é a adhlacadh gan fhios d'aon duine.”

13. Tar éis dóibh lampa a lasadh agus an doras a oscailt dúirt siad leis an gcailín dul isteach. Nuair a chuaigh sise isteach, fuair sí an bheirt acu ina sámhchodladh le chéile.

14. Amach léi láithreach agus d'inis sí dóibh go raibh Tóibias beo agus nach ndearnadh aon dochar ar bith dó.

15. Thosaigh siad, mar sin, ar Dhia na bhflaitheas a mholadh mar a leanas:“Moladh go deo leat, a Dhia,le gach moladh dá ghlaine!Go moltar thú trí shaol na saol!

16. Moladh go deo leat, a Dhia,mar chuir tú áthas ormsaagus níor tharla an tubaistea raibh eagla orm roimpi;óir chaith tú linnde réir do mhórthrócaire.

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 8