Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 7:11-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Is amhlaidh a thug mé mar chéile í do sheachtar fear dár mbráithre féin i ndiaidh a chéile, ach maraíodh gach duine díobh chomh luath agus a chuaigh siad isteach ina seomra an oíche sin. Ach ith agus ól leat anois, a mhic, agus cá bhfios nach dtabharfaidh an Tiarna a ghrásta agus a shíocháin duitse?” Ach dúirt Tóibias: “Ní íosfaidh ná ní olfaidh mé dada feasta nó go ndéanfaidh tú socrú éigin i mo thaobhsa.” “Tá go maith,” arsa Raguéil leis, “ós leatsa í de réir dlí leabhar Mhaois, ordaíonn na flaithis féin í a thabhairt duit. Mar sin de, glac cúram do mhná muinteartha ort féin. Ón uair seo amach is tusa a fear céile agus is ise do bhean chéile; is leatsa í ón lá seo amach agus go deo. Go rathaí Tiarna neimhe sibh anocht, a mhic, agus go dtuga sé grásta agus síocháin daoibh.”

12. Ansin chuir Raguéil fios ar a iníon, Sárá, agus tháinig sí chuige. Rug sé greim láimhe uirthi agus thug sé do Thóibias í á rá: “Cuirim faoi do chúram í; tugann an dlí agus an reacht atá scríofa i leabhar Mhaois duit í mar bhean chéile. Tóg í; beir leat abhaile go teach d'athar í le coinsias glan agus go rathaí Dia neimhe bhur dturas.”

13. Chuir sé fios ar a máthair ansin agus dúirt sé léi páipéar a thabhairt chuige. Ansin scríobh sé conradh pósta amach ag tabhairt Sárá dó mar bhean chéile de réir an reachta atá i ndlí Mhaois.

14. Ina dhiaidh sin thosaigh siad ag ithe agus ag ól.

15. Tar éis tamaill bhagair Raguéil ar a bhean chéile, Eadna, agus dúirt sé léi: “Ullmhaigh an seomra breise, a bhean chóir, agus tabhair isteach ann í.”

16. D'imigh sise agus chóirigh sí an seomra mar a dúradh léi agus thug sí Sárá isteach ann. Thosaigh sí ag gol mar gheall uirthi ansin ach tar éis di a deora a thriomú dúirt sí le Sárá:

17. “Múscail do mhisneach, a iníon ó! Go dtuga Tiarna na bhflaitheas áthas duit in áit an dobróin. Bíodh misneach agat, a iníon ó!” D'imigh sí amach ansin.

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 7