Nuair a shroich siad Eacbatana dúirt Tóibias: “A Azairias, a bhráthair liom, beir leat mé láithreach go dtí teach m'fhir ghaoil, Raguéil.” Rug seisean leis é mar sin go dtí teach Raguéil agus tháinig siad air agus é ina shuí ag geata an chlóis. Bheannaigh siad dósan ar dtús agus dúirt seisean leo: “Céad míle fáilte romhaibh, a bhráithre. Is maith liom gur tháinig sibh anseo slán.” Thug sé isteach sa teach iad ansin.