Dá bhrí sin, a mhic, bíodh grá agatsa chomh maith do do lucht gaoil. Ná bí chomh huaibhreach sin nach bpósfá duine ar bith de bhantracht do chine féin. Óir is é an t‑uabhar is cúis le léirscrios agus le heasordú; is ón díomhaointeas a eascraíonn an dealús agus an t‑anás; mar is é an díomhaointeas a ghineann gorta.”