Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 3:10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An lá sin tháinig gruaim ar a croí; rinne sí gol agus chuaigh sí in airde staighre go dtí seomra uachtair i dteach a hathar agus é ar intinn aici í féin a chrochadh. Ach rinne sí athmhachnamh agus dúirt: “B'fhéidir go dtabharfaí achasán do m'athair agus go ndéarfaí leis: ‘Ní raibh ach aon iníon ionúin amháin agat ach chroch sí í féin de dheasca a cuid trioblóidí.’ Sa tslí sin tharraingeoinn m'athair síos san uaigh ina sheanaois le teann dobróin. B'fhearr dom gan mé féin a chrochadh ach a iarraidh ar an Tiarna ligean dom bás a fháil ionas nach mbeadh orm mo shaol a chaitheamh ag éisteacht le hachasáin.”

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 3

Féach ar Tóibít 3:10 i gcomhthéacs