Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 2:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ar an ábhar sin, nuair a tháinig Asaradon i réim, d'fhill mé abhaile agus tugadh mo bhean chéile Anna agus mo mhac Tóibias ar ais dom. Ar fhéile na Cincíse seo againne, is é sin, ar fhéile na Seachtainí, bhí dinnéar maith ann dom agus lig mé fúm chun é a ithe.

2. Cóiríodh an bord dom agus cuireadh a lán mias os mo chomhair. Ansin dúirt mé le mo mhac Tóibias: “Imigh leat, a mhic, agus má fhaigheann tú duine bocht éigin dár mbráithre atá ina gcimí cogaidh anseo i Nínivé atá dílis do Dhia óna chroí go hiomlán, beir leat é agus íosfaidh sé an béile seo i mo chuideachta. Fanfaidh mé leat, a mhic, nó go dtiocfaidh tú ar ais.”

3. D'imigh Tóibias amach, mar sin, ar lorg duine bhoicht éigin dár mbráithre. Ach tháinig sé ar ais arís agus dúirt: “A athair!” “Céard atá ort, a mhic?” arsa mise leis. Dúirt sé liom ansin do mo fhreagairt: “Féach, a athair! Dúnmharaíodh duine dár muintir agus tá a chorp ina luí amuigh ar fhaiche an mhargaidh mar ar tachtadh é tamall beag ó shin.”

4. Léim mé i mo sheasamh láithreach agus d'fhág mé mo dhinnéar gan a bhlaiseadh; d'ardaigh mé an corp liom ó fhaiche an mhargaidh agus chuir mé isteach i seomra é agus é ar intinn agam é a adhlacadh tar éis dul faoi na gréine.

5. Nuair a tháinig mé ar ais, mar sin, nigh mé mé féin agus d'ith mé mo chuid faoi bhrón.

6. Chuimhnigh mé ar na focail a dúirt an fáidh Amós i dtaobh Bhéitéil:“Athrófar bhur bhféilte ina n‑ócáidí bróin,agus déanfar caointe de bhur n‑amhráin go léir.”

7. Agus rinne mé gol. Ansin tar éis dul faoi na gréine d'imigh mé amach agus rinne mé uaigh agus chuir mé ann é.

8. Thosaigh mo chomharsana ag gáire fúm, á rá: “Nach bhfuil eagla air níos mó? Bhíothas ar a thóir cheana féin chun é a mharú mar gheall ar an ngníomh seo agus b'éigean dó teitheadh agus seo anois é arís agus é ag adhlacadh na marbh!”

9. An oíche chéanna sin thug mé folcadh dom féin agus chuaigh mé isteach i mo chlós agus chuaigh mé a chodladh in aice le balla an chlóis. Ó bhí sé te d'fhág mé m'aghaidh gan chlúid.

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 2