Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 14:7-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. agus molfaidh siad Dia na síoraíochta de réir a dhlí. Gach duine de chlann Iosrael a bheidh go beo beathach sna laethanta sin cuimhneoidh sé go dílis ar Dhia agus baileofar le chéile iad agus rachaidh siad go Iarúsailéim. Tabharfar talamh Abrahám dóibh agus cónóidh siad ann go slán sábháilte go deo. Beidh áthas ar na daoine a mbeidh fíorghrá acu do Dhia ach leáfaidh lucht déanta an oilc agus na héagóra as an tír ar fad.”

8. “Anois, a chlann liom, ordaím daoibh Dia a riaradh go dílis agus gach ní is taitneamhach leis a dhéanamh agus bhur gclann a oiliúint chun an t‑ionracas a chleachtadh agus déirc a thabhairt agus cuimhne a choinneáil ar Dhia agus fíormholadh a thabhairt gan sos dá ainm naofa óna neart go hiomlán.”

9. “Maidir leatsa, a mhic, imigh as Nínivé agus ná fan anseo.

10. Chomh luath agus a beidh do mháthair adhlactha agat le mo thaobh ná caith go fiú aon oíche amháin eile laistigh dá teorainneacha. Óir, feicim go ndéantar a lán éagóra agus bearta fealltacha inti gan náire. Cuimhnigh, a mhic, ar a ndearna Nádáb ar Aichícheár, an fear macánta a thóg é. Nárbh éigean dó dul i bhfolach faoin talamh agus é fós ina shaol agus ina shláinte?Ach bhain Dia cúiteamh amach san easonóir sin dó os comhair a shúl. Is amhlaidh a tháinig Aichícheár amach arís faoi sholas an lae ach chuaigh Nádáb isteach sa dorchadas síoraí toisc go ndearna sé iarracht ar Aichícheár a mharú. Is de bhrí gur thug sé déirc domsa a d'éalaigh Aichícheár as an ngaiste a bhí curtha ag Nádáb dó. Rugadh ar Nádáb féin i ngaiste báis agus bascadh é.

11. Mar sin de, a chlann liom, féachaigí anois an dea-thoradh a bhíonn ar an déirc agus an drochthoradh a bhíonn ar an éagoir - an bás. Ach tá m'anam ar tí scaradh liom anois.” Chuir siad ar a leaba é ansin agus nuair a fuair sé bás tugadh adhlacadh cuí urramach dó.

12. Nuair a d'éag a mháthair chuir Tóibias taobh lena athair í.D'imigh sé féin agus a bhean chéile ansin chun na Méide agus chuir siad fúthu in Eacbatana i gcuideachta athair a chéile, Raguéil.

13. Thug sé urraim agus aire do thuismitheoirí a mhná céile in earr a n‑aoise agus chuir sé sa chré iad in Eacbatana na Méide. Fuair sé maoin Raguéil le hoidhreacht chomh maith le maoin a athar féin, Tóibít.

14. Fuair sé féin bás in aois a chéad agus seacht mbliana déag agus meas mór ag cách air.

15. Ach sula bhfuair sé bás chuala sé mar gheall ar léirscrios Nínivé agus chonaic sé cimí cogaidh na cathrach, a ndearna Cuaxáras, rí na Méide, bránna díobh, á dtabhairt isteach sa Mhéide. Mhol sé Dia as ucht a ndearna sé in aghaidh mhuintir Nínivé agus na hAsaíre. Sular éag sé rinne sé gairdeas mar gheall ar ar tharla do Nínivé agus thug sé moladh don Tiarna Dia a mhaireann trí shaol na saol. Amen.

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 14