Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 14:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Mar sin a chríochnaigh na briathra buíochais a chan Tóibít. D'éag sé go suaimhneach agus é in aois a chéad agus dhá bhliain déag agus tugadh adhlacadh cuí urramach dó i Nínivé.

2. Bhí sé dhá bhliain agus seasca d'aois nuair a rinneadh díobháil dá shúile agus tar éis dó radharc a shúl a fháil arís mhair sé faoi shéan agus faoi mhaise, agus é ag déanamh déirce agus ag moladh Dé agus ag fógairt a mhórgachta gan sos.

3. Nuair a bhí sé ag fáil bháis, chuir sé fios ar a mhac, Tóibias, agus thug sé na horduithe seo dó: “Beir leat do chlann, a mhic,

4. agus teith isteach sa Mhéide mar creidimse na briathra a labhair Dia in aghaidh Nínivé trí bhéal Nahúm. Tiocfaidh gach rud i gcrích agus tarlóidh sé don Asaír agus do Nínivé. Gach uile ní dár fhógair na fáithe a chuir Dia uaidh chun Iosrael, titfidh sé amach. Níl aon fháistine ar bith orthu go léir a dhéanfar maolú uirthi; is amhlaidh a chomhlíonfar gach ceann díobh ina hionú féin. Mar sin de, beidh sé níos sábháilte sa Mhéide ná mar a bheidh sé san Asaír nó sa Bhablóin. Óir, tá mé cinnte dearfa de go gcomhlíonfar gach rud a dúirt Dia. Titfidh siad amach agus ní bhréagnófar ceann ar bith dá bhriathra. Scaipfear ár muintir uile a chónaíonn in Iosrael agus tabharfar ina gcimí cogaidh iad as an tír álainn sin. Déanfar fásach de thalamh Iosrael go léir agus bánófar an tSamáir agus Iarúsailéim. Beidh Teampall Dé féin go hainnis mar is amhlaidh a dhófar go talamh é.”

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 14