Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 13:13-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Imigh leat, mar sin, agus déan gairdeasmar gheall ar shliocht na bhfíréan.Óir, cruinneofar iad go léir le chéile,agus tabharfaidh siad moladh don Tiarna Síoraí.

14. Is méanar dóibh siúd a mbíonn grá acu duit,agus a dhéanann gairdeas toisc tú a bheith faoi rath.Is méanar dóibh sin uile a mbíonn buairt orthufaoin angar a fhulaingíonn tú.Óir, beidh lúcháir orthu ar do shonsaagus feicfidh siad an t‑áthas a bheidh ort go deo.

15. Molann m'anamsa an Tiarna, an Rí mór,mar atógfar cathair Iarúsailéim mar áitreabh dó go brách.

16. Nárbh aoibhinn dom dá dtarlódh sé d'fhuíoll mo shleachta,do ghlóir a fheiceáil agus buíochas a ghabháil do Rí na bhFlaitheas.Déanfar geataí Iarúsailéim de shaifír agus de smaragaid,agus do bhallaí uile de chlocha lómhara.Is d'ór a thógfar túir Iarúsailéimagus d'ór glan a cuid forbhallaí.

17. Pábhálfar sráideanna Iarúsailéimle rúibíní agus le clocha bua ó Óifír.

18. Canfaidh geataí Iarúsailéim amhráin áthais,agus déarfaidh a tithe go léir:Alleluia! Moladh go deo le Dia Iosrael!Ós eisean a chuir rath agus bláth orthu,molfaidh siad a ainm naofa go brach agus choíche.

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 13