Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 13:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dúirt Tóibít ansin:Moladh le Dia a mhaireann go deo;moladh lena ríocht bhuanseasmhach!

2. Óir cé go ngabhann sé de sciúirsí orainn,maitheann sé ár bpeacaí dúinn chomh maith;bíodh go gcaitheann sé daoine síos go hifreann,tógann sé aníos iad ón duibheagán athuair;níl aon rud ann ar aon chorar féidir dó éalú óna láimh.

3. Gabhaigí buíochas leis, a chlann Iosrael,i bhfianaise na gciníocha uile.Mar bíodh gur scaip sé sibhse ina measc,

4. is ann a thaispeáin sé a mhórgacht daoibh.Molaigí é i láthair na mbeo go léir,mar is é ár dTiarna é agus ár nDia.Is é ár nAthair é chomh maithagus ár nDia go brách agus choíche.

5. Sciúrsálfaidh sé sibh de dheasca bhur gcionta,ach déanfaidh sé trócaire oraibh uile leis;mar cruinneoidh sé sibh as na ciníocha uilea raibh sibh scaipthe ina measc.

6. Nuair a iompóidh sibh chuigele bhur gcroí agus le bhur n‑anam go hiomlánchun sibh féin a iompar go hionraic ina láthair,iompóidh seisean chugaibhse ansin,agus ní cheilfidh sé a ghnúis oraibh níos mó.Cuimhnigí anois ar a ndearna sé ar bhur son,agus gabhaigí buíochas leis in ard bhur ngutha.Molaigí Tiarna na Fíréantachtaagus móraigí Rí na Síoraíochta.Gabhaimse féin buíochas leis i dtír mo dheoraíochta,agus léirím a neart agus a mhórgacht do chine peacúil.Iompaigí ar ais chuige, a pheacacha,chun an fhíréantacht a chleachtadh ina láthair.Cá bhfios daoibh nach mbeidh gnaoi aige oraibh,agus nach nglacfaidh sé trua daoibh?

7. Mórfaidh mise mo Dhia,agus déanfaidh mo spiorad gairdeas i Rí na bhFlaitheas.

8. Fógraíodh gach duine a mhórgacht,agus tugtar buíochas dó in Iarúsailéim.

9. Sciúrsálfaidh sé thú, a Iarúsailéim, a chathair naofa,mar gheall ar dhrochghníomhartha d'áitritheoirí;ach déanfaidh sé trócaire athuairar shliocht na bhfíréan.

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 13