Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 11:5-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Idir an dá linn bhí Anna ina suí agus í ag faire an bhóthair a ghabhfadh a mac abhaile.

6. Chonaic sí uaithi é ag teacht agus dúirt sí leis an athair: “Seo chugainn do mhac agus a chomhthaistealaí.”

7. Dúirt Rafael le Tóibias sular tháinig sé fad lena athair: “Tá a fhios agam go n‑osclófar a shúile.

8. Smear a shúile le domlas an éisc; crapfaidh an t‑ungadh seo an screamh bhán agus tosóidh sí ag scamhadh dá shúile. Tiocfaidh a radharc do d'athair arís agus feicfidh sé an solas.”

9. Ansin rith Anna chun tosaigh agus chaith sí í féin ar bhráid a mic agus dúirt sí leis: “Ní miste liom bás a fháil anois, a mhic, mar táim tar éis tú a fheiceáil arís.” Agus rinne sí gol.

10. D'éirigh Tóibít ina sheasamh ansin agus tháinig sé doras an chlóis amach agus é ag tarraingt na gcos ina dhiaidh.

11. Shiúil Tóibias suas chuige agus domlas an éisc ina láimh aige. Shéid sé isteach ina shúile; rug greim air agus dúirt: “Múscail do mhisneach, a athair!”

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 11