Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 11:10-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. D'éirigh Tóibít ina sheasamh ansin agus tháinig sé doras an chlóis amach agus é ag tarraingt na gcos ina dhiaidh.

11. Shiúil Tóibias suas chuige agus domlas an éisc ina láimh aige. Shéid sé isteach ina shúile; rug greim air agus dúirt: “Múscail do mhisneach, a athair!”

12. Ansin chuir sé an t‑ungadh air agus chuimil sé isteach é agus ag tosú dó ag cúinní a shúl bhain sé an screamh bhán díobh lena dhá láimh.

13. Chaith a athair é féin ar a bhráid

14. agus rinne sé gol agus dúirt: “Feicim thú, a mhic, a sholas mo shúl!” Lean sé air:“Moladh go deo le Dia!Moladh lena ainm mór!Moladh lena aingil naofa go léir!Go gcumhdaí a ainm mór sinnagus go moltar a chuid aingeal go léirgo brách agus choíche.

15. Óir bíodh is gur thug sé sciúrsáil dom,feicim mo mhac, Tóibias, anois.”Chuaigh Tóibias isteach ansin agus é lán d'áthas agus ag moladh Dé in ard a ghutha. D'inis sé dá athair gur éirígh thar barr lena thuras; go raibh sé tar éis an t‑airgead a fháil agus Sárá, iníon Raguéil, a phósadh agus nárbh fhada go dtiocfadh sise i láthair mar go raibh sí an-ghairid do gheata Nínivé cheana féin.

16. Amach le Tóibít féin ar an toirt go dtí geata Nínivé chun bualadh le bean chéile a mhic agus é lán d'áthas agus ag moladh Dé. Tháinig ionadh ar mhuintir Nínivé nuair a chonaic siad é ag gabháil go beo bríomhar tríd an gcathair agus gan aon duine á threorú.

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 11